Irish Independent - Seachtain

Cúram don óige chun tosaigh

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Bhuaigh peileadóir­í Átha Cliath Craobh Peile faoi 21 na hÉireann ar an Satharn seo caite. An Ghaillimh a bhí leo sa Chluiche Craoibhe agus ní raibh aon amhras ná go mb’fhearr lucht na hardchathr­ach.

Nuair a chuirtear san áireamh go raibh Gaillimh ró-mhaith do Chiarraí sa bhabhta leathchean­nais, tá léargas níos fearr ar fáil faoi fhiúntas Átha Cliath.

Is suimiúil nár bhuaigh na Laighnigh Craobh Mionúr an Chúige trí bliana ó shin. B’fhéidir go bhfuil nós bunaithe acu le tamall gan bheith ag cur béim ró-ard ar an dtraenáil nua-aimsire go dtí go mbíonn deireadh le ré fáis coirp na ndaoine óga.

Is dearcadh é atá ag méadú de réir a chéile agus tá roinnt díospóirea­chta cloiste agam ar an dtéama. Deirtear liom go bhfuil an dearcadh céanna ag feidhmiú i roinnt mhaith de chlubanna sacair san Eoraip. Tugtar treoir do bhainisteo­irí a bhíonn ag deighleáil le himreoirí faoi 20 bliain d’aois cloí le haclaíocht agus cleachtadh scileanna go dtí go mbíonn an ‘Fiche Bliain ag Fás’ curtha díobh acu.

D’aontóinn go hiomlán leis an modh forbartha sin i réimse peile agus iomána i gCumann Lúthchleas Gael. Ní raibh am chomh tráthúil chun tús a chur le córas nua ar fud na tíre ná an aimsir láithreach.

Tá deireadh cheana féin le peil agus iomáint idirchonta­e faoi 21 agus mar a luas thuas, an ceann deiridh i seilbh Átha Cliath. Faoi 20 an port nua agus beidh athrú den bpór céanna i gcás na Mionúr — faoi 17 ó Eanáir seo chugainn ar aghaidh.

Is dóigh liom go mbeadh ciall agus toradh fónta le coiste a bhunú láithreach chun staidéar a dhéanamh ar an dtionchar a bhíonn ag ardú meáchaintí agus diantraená­il choirp eile ar dhaoine faoi 20 nó mar sin. Ba chabhair mhór é daoine mar dhochtúirí agus saineolait­he mar iad bheith ar an gcoiste.

Tá a lán cainte agus argóna sa tsiúl le tamall anois i leith aicíd a ghoilleann ar imreoirí atá i réimse na hóige fós agus sé ‘burnout’ an teideal cineálta atá air. An bhfuil cosúlacht ar an scéal gur diantraená­il ró-luath atá mar bhun agus barr ag an ‘dóú amach’ seo?

Fillimis anois ar an scéal a bhí in uachtar againn i dtaobh bhua Átha Cliath i gCluiche Ceannais Peile faoi 21 na hÉireann ceithre lá ó shin. Nach suimiúil go raibh ógfhear leis an ainm Daradh Ó Spealláin (ar chlé) san imirt leis na Dubanna? Is mó cluiche peile a d’imir athair Dharadh — Micheál — leis na Ciarraígh in aghaidh Dhubanna na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac?

 ??  ?? Pictiúr le Seán Ó Mainnín
Pictiúr le Seán Ó Mainnín
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland