Baol ó Isis ag méadú: Gardaí
Teastaíonn níos mó acmhainní ó na Gardaí chun troid i gcoinne bhaol na sceimhlitheoirí Ioslamacha, baol atá ag dul i méid agus na sceimhlitheoirí ag úsáid na hÉireann chun ionsaithe ar an Eoraip a bheartú, a dúirt Gardaí sinsearacha.
Tagann an foláireamh i ndiaidh dóibh leid a fháil ó phóilíní sa Bhreatain ar gabhadh beirt fhear mar gheall air an tseachtain seo.
Ghabh baill den Ionad Idirnáisiúnta F rith sceimhlitheoireachta beirt fhear i mBaile Átha Cliath faoi nAcht Sceimhlitheoireachta agus bhí siad á gcoinneáil i Stáisiún Gardaí na Carraige Duibhe inné.
Cuardach
Tugadh faoi roinnt cuardach freisin i Sord, sa Chéim, ar an gCuarbhóthar Theas agus i mBaile Átha Troim i gContae na Mí.
Tuigtear go bhfuil siad á gceistiú faoi líomhaintí faoi idirbhearta airgeadais a bhaineann le sceimhlitheoireacht idirnáisiúnta.
Tuigimid go bhfuair na Gardaí an leid ó phóilíní na Breataine.
Thug oifigigh sa Gharda Síochána foláireamh go bhféadfaí Éire a úsáid mar ‘cheap lainseála’ le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an Eoraip, agus ar an mBreatain go háirithe.
Agus d’fhéadfadh grúpaí Ioslamacha ionsaí sceimhlitheoireachta a dhéanamh anseo in Éirinn freisin.
Luaigh agóideoirí in aghaidh na cogaíochta cheana go bhféadfaí an úsáid a bhaineann eitleáin mhíleata Stáit Aontaithe Mheiriceá as Aerfort na Sionainne a úsáid mar leithscéal d’ionsaí.
“Ach is mó seans go gceapfaidh roinnt grúpaí a bhaineann le Isis gur áit éasca í an Phoblacht chun ionsaithe sceimhlitheoireachta ar an mBreatain nó ar mhór-roinn na hEorpa a bheartú agus a mhaoiniú,” a dúirt Garda sinsearach amháin.
“Is comhartha de chomhoibriú mór iad na hoibríochtaí le deireanaí ach tá fíorimní ann nár braitheadh níos mó comhchealg agus gan aon anonn ná anall níl dóthain acmhainní ar fáil do na línte fiosrúcháin sin.”