Irish Independent - Seachtain

Gradam eile buaiteag Bláthnaid

-

Bronnadh an gradam do Láithreoir Raidió na Bliana ar Bhláthnaid Ní Chofaigh ag Féile na Meán Ceilteach ar Oileán Mhanann.

Bhí Bláthnaid san iomaíocht le beirt eile don duais, duine acu sin an príomhamhr­ánaí leis an ngrúpa ceoil Deacon Blue, Ricky Ross.

Bhí Bláthnaid thall ar Oileán Mhanann le foireann a cláir don ócáid, agus craoladh Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ón oileán maidin Dé Sathairn.

Cé nach bhfuil Bláthnaid Libh ar an aer ach le beagnach dhá bhliain, seo an tríú duais atá buaite ag foireann an chláir.

Anuraidh, bronnadh an duais do Chlár Gaeilge na Bliana ag Gradaim Raidió PPI air, agus bhuaigh sé an tSraith Raidió is fearr ag Gradaim Chumarsáid­e an Oireachtai­s in 2016 freisin.

Seo an seachtú bliain as a chéile gur láithreoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a thug leo an duais seo.

As Ráth Chairn ó dhúchas do Bhláthnaid, agus tá aithne uirthi ar fud na tíre as a cuid obair chraoltóir­eachta, ar an teilifís go háirithe, ach tá a clár raidió féin aici, Bláthnaid Libh, le beagnach dhá bhliain anuas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus é ag dul ó neart go neart.

Agus bronnadh Clár Ceoil Raidió na Bliana ar Bhlas, clár a chuireann Lynette Fay i láthair ar an BBC.

Bronnadh Clár na bPáistí ar Is Eolaí Mé ar TG4, agus Príomhdhua­is Fhéile na Meán Ceilteach ar chlár teilifíse a choimisiún­aigh TG4

Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916 a thóg an príomhdhua­is, Spiorad na Féile.

Is í seo an duais is airde ar fad ag an bhféile agus bronntar í ar an gclár is fearr i dteanga Cheilteach.

Déanann Féile na Meán Ceilteach ceiliúradh ar thionscail na teilifíse, na scannán, an raidió agus na meán digiteach sna tíortha Ceilteacha, agus bíonn cultúr agus teangacha na gceantar sin san áireamh.

Seo an chéad uair i stair na féile ar reáchtálad­h ar Oileán Mhanann í, agus an bhliain seo chugainn beifear sa Bhreatain Bheag.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland