Ag dúil leis na hathimirtí tar éis géarchoimhlintí
Radharc a dó againn an deireadh seachtaine seo nuair a imreoidh Loch Garman agus Tiobraid Árann in aghaidh a chéile san athimirt i gcluiche ceannais na sraithe i Roinn a Trí i bPeil na mBan.
Mar aon leis sa chluiche idir an Cabhán agus an Iarmhí a chríochnaigh ar comhscór an Domhnach seo caite fosta i Roinn a Dó.
Cluichí den scoth a bhí againn le coicís anuas le Maud Annie Foley ag aimsiú an chúilín a chothromaigh an cluiche don Iarmhí agus tógadh cic an-mhall ó chaptaen Loch Garman Fiona Rochford (ar dheis) chun an dara seans a thabhairt dóibh in aghaidh Thiobraid Árann.
Mhothaigh roinnt tar éis an chluiche go raibh an deis caillte ag Loch Garman. Thosaigh siad ar luas lasrach le hAisling Murphy inspioráideach ag aimsiú dhá chúl taobh istigh de dheich mbomaite. Ach diaidh ar ndiaidh tháinig Tiobraid Árann ar ais sa chluiche, le hAisling McCarthy an-díograiseach dóibh le 0-7. Rud a thugann spreagadh do Loch Garman ná an dóigh ar choinnigh siad na Tiobrádaigh amach ó na cúil. Roimhe seo ghéill siad 34 chúl ach níor éirigh leo aon cheann a aimsiú agus is comhartha maith é sin do Loch Garman a raibh 11 chúl géillte acu ag tús na sraithe. Beidh Tiobraid Árann an-díomách faoin bhealach a d’imir siad agus beidh siad ag súil go dtiocfaidh feabhas ar a dtaispeántas ón chéad lá. Maidir le Loch Garman, beidh tús maith de dhíth arís ach ba chóir go mbeadh Chantelle Martin ábalta toiseacht leo tar éis gortú a bheith ag cur as di le píosa.