Cluichí ceannais ar fud na tíre
Cuireadh tús le Craobhchomórtaisí Uile-Éireann CLG Dé Domhnaigh seo caite i Nua-Eabhrac nuair a réab peileadóirí na cathrach sin agus peileadóirí Shligigh amach ar an réileán imeartha.
Ní fada go mbeidh na hiománaithe ag luascadh na gcamán agus pobal fairsing ag tnúth le hiomaíocht ghéar tharraingteach ós na foirne sa pheil agus san iomáint.
Is cinnte go mbeidh na cluichí ceannais i bPáirc an Chrócaigh— ach is suimiúil go raibh roinnt mhaith ionad lasmuigh de ‘Jones’s Road’, atá baistithe mar Pháirc an Chrócaigh ó 1913 anall. Ó thaobh na hiomána mar thús is ar ‘Pháirc Hoare’ i mBiorra Uíbh Fháilí a imríodh an chéad chluiche ceannais i stair an Chumainn — Gaillimh agus Tiobraid Árann ar Lá na nAmadán Uilig, an 1 Aibreán.
Is in Inse Chaoir in Áth Cliath a imríodh cluiche craoibhe na bliana 1889 áit ina raibh an bua ag Áth Cliath ar churaidh an Chláir, agus in 1890 i bPáirc Chluain Toirc i nDroim Chonrach i mBaile Átha Cliath.
An t-ionad céanna á úsáideadh do chluichí ceannais na mblianta 1892 agus 1894 agus idir eatarthu siúd bhí ionad nua eile, Páirc an Fhionnuisce, i lár an tsamhraidh.
Lá stairiúil a bhí sa 15ú lá de Mhárta 1895 mar den gcéad uair imríodh cluiche ceannais Uile-Éireann i ‘Jones’s Road’.
Is fíor a rá gur i Jones’s Road/Páirc an Chrócaigh a imríodh formhór mór de chluichí ceannais i rannóg na sinsear le fada an lá. Ach bhí eisceachtaí ann ó am go chéile agus seo chugaibh iad i gcás na hiomána.
Imríodh Craobh Iomána na hÉireann i mBaile Thiobraid Árann sa bhliain 1897, áit ina raibh an bua ag Luimneach ar Chill Chainnigh.
As baile arís an scéal a bhain le 1902 agus ba i gCorcaigh a imríodh an dá chluiche ceannais ar an lá céanna. Ghaibh Corcaigh Craobh na hIomána agus iontas na n-iontas bhuaigh Brí Chualann as Cill Mhantáin an Chraobh Peile do Áth Cliath.
I gCarraig na Siúire a bhuaigh Cill Chainnigh Craobh Iomána 1904 agus ní ró-fhada uaidh a bhí ionad na Craoibhe don athbhliain — Dún Garbhán agus Craobh eile dos na Cait.
Cill Chainnigh an rogha do 1906, Dún Garbhán arís in 1907, Áth Í in 1908, Corcaigh arís in 1909 sular bogadh thar n-ais go Jones’s Road sa bhliain 1910. Mar sin a bhí seachas 1937 nuair a imríodh Craobh Iomána na hÉireann i gCill Airne agus 1984, Bliain an Chéid agus Craobh na hIomána i Staid Semple.
Ní dóigh liom go bhfuil aon athrú in aigne faoi láthair ach cá bhfios ná go mbeadh ionradh eile ar Mheiriceá i sprid Bhliain ’47 agus Na Polo Grounds — sórt instealladh misnigh do thionscal na turasóireachta?