Airgead ar fad do Ghaoth Dobhair
Tá sé ráite ag an Aire Stáit Joe Mc Hugh go bhfuil réiteach ar na deacrachtaí leis an deontas a bhaineann le hAmharclann Ghaoth Dobhair.
Mar Aire Stáit na Gaeltachta cheadaigh an tAire deontas €485,000 le hathfhorbairt a dhéanamh ar Amharclann Ghaoth Dobhair agus go deimhin ba é an tAire McHugh a rinne athoscailt ar an Amharclann le deireanaí.
Ach tháinig sé chun solais go raibh fadhbanna ann maidir le híocaíochtaí don Amharclann.
Bhí an tAire McHugh ag obair leis an Aire Gaeltachta Sean Kyne ar son choiste na hAmharclainne chun na fadhbanna sin a shocrú.
Eolas
“Bhí mé ar an eolas maidir leis na fadhbanna seo le roinnt seachtainí anuas agus bhí mé ag obair leis na páirtithe leasmhara chun iarracht theacht ar réitiú anseo,” a dúirt sé.
“Tá lúcháir orm go bhfuil na fadhbanna seo socruithe anois, agus beidh an maoiniú uilig curtha ar fáil don choiste.
“Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Sean Kyne as a chuidiú uilig anseo, agus ba mhaith liom mo aitheantas a ghabháil le Pól Mac Cumhaill agus coiste na hAmharclainne uilig ar son a dtiomantas don togra seo.
“Is áis den scoth í an Amharclann do cheantar Ghaoth Dobhair agus don chontae ina hiomláine. Tá tábhacht nach beag ann do chur chun cinn na Gaeilge in athoscailt na hAmharclainne agus is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe go mór do cheantar Ghaoth Dobhair.”