Cultúrlann i gcontúirt
Tá lárionad na nGael i mBéal Feirste, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, i mbaol mar gheall ar chiorruithe. Tugann Concubhar Ó Liatháin, Bainisteoir Imeachtaí agus Margaíochta na Cultúrlainne, léargas dúinn ar an iliomad rudaí a bhíonn ar bun go laethúil san ion
An Satharn atá ann sa Chultúrlann ach ní haon lá sosa é san ionad iomráiteach cultúrtha Gaeilge ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste nó tá sé lán go béal agus callánach is gnóthach dá réir.
Tá slua i ‘Bia’, caifé agus bialann an ionaid, cuid acu ag ól cappuccino agus iad ag fanacht ar pháistí ag an scoil drámaíochta, Aisling Óg, cuid eile acu ag fanacht ar a bpáistí agus iad ag freastal ar na Bopóga, seisiún puipéadóireachta agus amhrán do naíonáin agus a dtuismitheoirí.
Tá Edel Ní Churraoin agus ceoltóirí eile ag seinm go bríomhar ar bhosca ceoil agus ar fhidil in aice leis an deasc fáilte. Leis an oiread beochta atá le braistint san aer ann, ní cheapfá gur thug na príomh-maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, fógra don ionad ag tús na seachtaine seo caite a d’fhéadfadh na doirse a dhúnadh ar an gCultúrlann a osclaíodh den chéad uair in 1991.
Ní den chéad uair atá an institiúid trasteorann teanga — a tháinig ar an saol in 1999 mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na geallúintí ann ‘an Ghaeilge a chur chun cinn go diongbháilte’ — ag iarraidh todhchaí na Cultúrlainne a chur i mbaol nó sé mhí ó shin, rinneadh iarracht a theip mar gur spreag sé fearg agus díomá Gaeilgeoirí ar fud an oileáin.
Tá slua ag bailiú isteach i nDánlann Dillon mar ansan beidh leabhar á seoladh ag Marcas Mac Ruairí ó Ghlór na nGael, lámhleabhar i bhfírinne chun cuidiú le tuismitheoirí a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Thuas staighre, tá taispeántas grianghrafadóireachta á chrochadh ar na Ballaí Bána, taispeántas dar teideal ‘Seo í an Phalaistín’ le John McColgan, stiúrthóir Riverdance, a ghlac na grianghraif agus é ar thuras go dtí na Críocha Gafa faoi choimirce an charthanais Trócaire.
Tá taispeántas leis an ealaíontóir Thomas Ryan i nDánlann Dillon, príomhghailearaí na Cultúrlainne, agus beidh na saothair seo ó scuab an tsárphéintéara, Thomas Ryan, iar-uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann, á mbaint anuas le haghaidh taispeántas eile a bheidh á oscailt an tseachtain seo chomh maith.
Le linn na seachtaine agus tuairisceoirí ar cuairt chuig an ionad le freastal ar phreas-ócáid a bhí ag páirtí polaitiúil, thug siad faoi ndeara go raibh ball den Ord Oráiste agus é ag caitheamh toitín i gceann de na portráidí. Chuir tuairisceoir an Press Association an scéal amach le pictiúr ar Twitter agus spreag sé plé fadálach le tuairisceoirí ar fud na hÉireann is na Breataine.
An chéad taispeántas eile sa spás seo ná ‘Suimiúil ach aisteach ag an am chéanna’ — rogha a rinne páistí ón Modhscoil Láir i mBaile Átha Cliath as bailiúcháin na Roinne Airgeadais ó thuaidh agus Oifig na nOibreacha Poiblí ó dheas. Beidh na saothair sin ag teacht go Béal Feirste gan mhoill agus beidh orainn iad a chrochadh freisin.
Le linn na seachtaine bhí cuairt ó Chumann Stairiúil Eaglais Phreispitéireach na hÉireann — ba eaglais Phreispitéireach an Chultúrlann tráth sara raibh sí ina hionad Gaeilge — agus bhronn
duine acu Bíobla árssa ar an gCultúrlann, an Bíobla a bbhí ag an gcéad Mhinistir a bhí sa CChultúrlann
Tháinig siad aggus iad ag iarraidh a fháil amacch cad a tharla do nEaglais P h re is p pit éire achar an mBealach Leathan, ina lár-ionad ag a tráth, agus chuaigh camchuairte, lóin a agus iad ag déanam
mhéid atá bainte amach ó d’fhág pobal na hEaglaise an foirgneamh in 1982, tráth go raibh coimhlint ghéar ar na sráideanna thart ar an tseaneaglais.
Tá Naoise Ó Cairealláin, mac le duine de na bunaitheoirí, is é sin Gearóid Ó Cairealláin, gnóthach ar chúl na deisce fáilte. Tá seisean ag eagrú Dianchúrsa Gaeilge Dé Sathairn, agus tá na sluaite ag iarraidh teacht. Ní hé sin an t-aon rud atá ar bun aige — tá sé tar éis Aisteoirí Aon Dráma a athbhunú agus tá sé ag socrú cleachtaí don tseachtain atá romhainn nó tá an grúpa d’aisteoirí óga ag léiriú An Giall le Breandán Ó Beacháin le linn Dráma, féile drámaíochta Aisling Ghéar, compántas amharclannaíochta atá suite sa Chultúrlann le scór bliain anois, a bheidh ar bun i mí an Mheithimh.
Ar na hoícheanta nach mbeidh Naoise ag cleachtadh, beidh seisean agus Gaeilgeoirí óga eile, iar-scoláirí Choláiste Feirste go leor acu, ag beartú an Lae Dheirg, mórshiúl mór ón gCultúrlann go lár na cathrach ar an 20 Bealtaine chun na héilimh ar son Acht Gaeilge agus cearta uilig na gcainteoirí Gaeilge a threisiú. Agus tá siad ag mealladh Gael ó fud fad an oileáin le freastal ar an agóid seo.
Sea, tá lóchrann na Gaeilge tugtha go dtí an chéad ghlúin eile sa Chultúrlann — agus tá sí i lámha láidre a thabharfaidh aire di!
Nuair a bhí ainm á lorg don siopa leabhar agus ceardaíochta sa Chultúrlann, baisteadh ‘An Ceathrú Póilí’ air, in ómós do Fhlann Ó Briain, an sár-údar a scríobh The Third Policeman. Tá an siopa ag dul i dtreis i rith an ama agus suíomh nua idirlín seolta le déanaí lena aghaidh ag www.anceathrupoili.com.
Is iad Áine Nic Gearailt, Pádraigín Ní Mhurchú agus Seamus Mac Fhionnghaile atá i mbun an tsiopa agus ag cinntiú go bhfuil leabhair Ghaeilge, irisí agus nuachtáin is go leor eile earraí Gaeilge ar fáil don phobal.
Iadsan atá ar chúl Chlub Leabhar Choiscéim, club leabhar a chinntíonn go mbeidh go leor seoltaí leabhar leis an bhfoilsitheoir Coiscéim sa Chultúrlann gach bliain, ócáidí sóisialta den scoth agus taca riachtanach don fhoilsitheoireacht i nGaeilge.
Tá clár imeachtaí an tsamhraidh i lámha an chlódóra agus é lán go barr le himeachtaí don samhradh, taispeántais, ceolchoirmeacha, drámaí, seimineáir, oícheanta airneála, trí fhéile éagsúla agus a thuilleadh imeachtaí nach iad.
Cheana féin tá obair ar bun chun clár an fhómhair a ullmhú agus súil chun cinn freisin ar Fhleadh Feirste, féile Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste a bheidh ar bun ag tús mhí na Nollag.
Is deacair a shamhlú go bhféadfaí stop obann a chur leis an ngineadóir cultúrtha is Gaeilge seo mar atá á bheartú ag maorlathas Fhoras na Gaeilge.