Buiséad úr do na scannáin Ghaeilge
Tá fáilte á cur roimh chinneadh na milliúin euro a chur ar fáil do scannáin Ghaeilge.
Is iad TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chuirfidh an maoiniú ar fáil don scéim seo faoin teideal Cine4.
Spreagfaidh Cine4 scéalaíocht, samhlaíocht agus luachanna arda léirithe san mórscannáin a thiocfaidh as — scannán ar nós Amhrán na Mara.
Cuirfear cistíocht forbartha suas le €25,000 ar fáil do chúig thogra nua gach bliain agus astu sin roghnófar péire le léiriú.
Beidh buiséad de suas le €1.2 milliún ag na tionscnaimh a léireofar agus sula gcraolfar ar TG4 iad, beidh ‘tréimhse pictiúrlainne’ ag na scannáin a léireofar faoin scéim, seal a mbeidh siad páirteach i bhféilte scannán agus ar taispeáint i bpictiúrlanna.
Scéim
Reáchtálfar scéim forbartha Cine4 ar bhunús trialach in 2017-18 agus tá sé mar aidhm an scéim a reáchtáil ar bhunús bliantúil ina dhiaidh sin, rud a chiallódh go léireofaí dhá scannán i nGaeilge gach bliain sna ceithre bliana atá romhainn.
Seoladh an scéim ag Féile na Meán Ceilteach ar Oileán Mhanann, agus d’fháiltigh ArdStiúrthóir TG4 Alan Esslemont roimpi. “Tá an drámaíocht Ghaeilge i gcroílár TG4 ó bunaíodh an tseirbhís,” a dúirt sé.
“Is iomaí sin duais agus gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite ag drámaí teilifíse an chainéil ó bunaíodh é. Cuireann an togra nua seo ar ár gcumas bonn seasmhach a chur faoin gcéad chéim eile sa bhforbairt seo – an scannán fada Gaeilge.
“Is léir go bhfuil an tallann ar fáil chuige agus tá éileamh ar thogha na scannán ar fud an domhain, beag beann ar an teanga atá in úsáid iontu.”