Géarchéim na haoise ag cur imní ar O’Neill
Tá géarchéim ag Martin O’Neill dhá sheachtain go leith sula dtugann Éire aghaidh ar an Ostair i gcluiche cáilithe do Chraobhchomórtas an Domhain.
Nocht Southampton gur fhulaing Shane Long meiteatarsach briste i gcoinne Middlesbrough agus dá bharr sin tá ceist mhór faoi rannpháirtíocht Long.
Ach cé a thiocfaidh isteach chun an folús a líonadh? Tá lear mór roghanna ann ach easpa tallainne. Sin an fhadhb a bheidh le freagairt ag O’Neill agus Roy Keane, ach caithfidh siad beirt cuid den mhilleán a ghlacadh.
Meánaois
Níl siad tar éis deis a thabhairt d’imreoirí i gcluichí dúshláin agus an toradh atá air ná go bhfuil meánaois na n-ionsaitheoirí os cionn 31.
Gach seans go mbeadh Long ag tosú le Jonathan Walters (33) dá mbeadh sé aclaí. Is iad Kevin Doyle (33, Colorado Rapids), David McGoldrick (29, Ipswich Town), Daryl Murphy (34, Newcastle United) agus Adam Rooney (29, Obar Dheathain) na tosaithe a d’fhéadfadh áit Long a thógáil.
Níor chóir go mbeadh Doyle sa scuad, agus níl O’Neill tar éis a léiriú go bhfuil muinín aige as McGoldrick, Murphy nó Rooney.
Ach an bhfuil rogha ag O’Neill?
I gcluichí dúshláin roimhe seo bhí seans ag O’Neill deis a thabhairt d’imreoirí ar nós Cillian Sheridan (Jagiellonia Bialystok na Polainne), Harry Charsley (20, Everton), Sean Maguire (23, Corcaigh), Ryan Manning (20, QPR) nó Reece Grego-Cox (20, QPR).
Tá sé thar a bheith díomách nach bhfuil O’Neill tar éis deis a thabhairt d’aon imreoir thuasluaite go dtí seo.
Cáiliú do Chraobhchomórtas an Domhain in 2018 an sprioc atá ag O’Neill ach níor éirigh leis tosaitheoir óg a aimsiú a dtiocfadh leis Éire a spreagadh fiú ó mbinse.
Tá a fhios againn cad gur féidir le Doyle, McGoldrick, Murphy agus Rooney a dhéanamh mar ionadaí. Is beag éagsúlacht a thugann siad.
An t-ábhar imní atá ann ná dul chun cinn na foirne amach anseo. Ní bheidh Walters, Sacar, cluiche dúshláin Éire v Mheicsiceo, Staid MetLife, New Jersey, Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, an 1 Meitheamh @20.00 am áitiúil, 01.00 am na hÉireann Doyle ná Murphy ann ag deireadh 2018. Beidh Rooney, Long agus McGoldrick níos sine, níos moille agus an caighdeán laghdaithe go mór. Caithfidh an FAI níos mó béime a chur ar imreoirí a nochtadh don fhoireann sinsear. Tá dhá chluiche dúshláin againn i gcoinne Uragua agus Mheicsiceo sula dtugaimid aghaidh ar an Ostair.
Deis
Caithfear an deis a thapú ar deireadh. Caithfear smaoineamh chun tosaigh, seachas ar Staid Aviva a líonadh agus ar an mbrabús. Shroich Éire an naoú háit sa rangú domhanda in 1994, ár rangú is airde ariamh. Má tá aon dóchas go bhfillfimid ar an rangú sin, beidh ar O’Neill agus Keane imreoirí óga a thabhairt isteach san fhoireann láithreach.