Irish Independent - Seachtain

12,000 Gael dearg le fearg!

Téann Katie McGreal i measc na sluaite ar shráideann­a Bhéal Feirste Dé Sathairn

-

Tá ré úr ó thuaidh anois ina gcaithfidh an stát cearta teanga a thabhairt den chéad uair, dar le lucht eagraithe mhórshiúl na nGael i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.

Shiúil breis agus 12,000 duine dhá mhíle ón gCeathrú Gaeltachta go dtí Halla na Cathrach leis an éileamh le haghaidh Acht Gaeilge a chur chun tosaigh.

Iarradh orthu éadaí dearga a chaitheamh leis an teachtaire­acht ‘Dearg le Fearg’ a chur in iúl.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge nach nglacfadh glúin úr óg Gaeilgeoir­í le stádas den dara grád níos mó.

“Ba dhaoine óga formhór mór díobh siúd a bhí páirteach ann, agus ní thuigeann siad agus níl siad sásta glacadh le sochaí nach dtabharfai­dh a gcearta iomlána dóibh.

“Ba iad an t-aos óg a thug brí agus fuinneamh don mhórshiúl agus bhí sin le feiceáil ar an lá. Agóid a bhí ann faoi easpa cearta ach ceiliúradh a bhí ann fosta ar phobal na Gaeilge sa chathair agus níos faide anonn.”

Tháinig Gaeil ó fud fad na tíre — cuid acu i mbusanna.

Dúirt Ciarán: “I ndiaidh an toghcháin, beidh na páirtithe i mbun cainteanna arís — agus léirigh an slua mór Dé Sathairn go gcaithfidh Acht na Gaeilge a bheith i lár an aonaigh acu.”

Níl stádas oifigiúil ag an Ghaeilge sa Tuaisceart agus níl aon iallach ar ranna rialtas seirbhísí a chur ar fáil sa teanga, agus ní féidir í a úsáid sna cúirteanna.

Bhí abhainn dhearg le feiceáil ar shráideann­a Bhéal Feirste Dé Sathairn agus na mílte Gael ar lorg a gceart.

Bhailigh an slua ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag meán lae agus shiúil siad síos go Halla na Cathrach ag éileamh ar pholaiteoi­rí an Tuaiscirt Acht Gaeilge agus cearta teanga a thabhairt dóibh.

‘Dearg le Fearg’ ba é mana an lae — ach ba iad spleodar agus brí a bhí le mothú i measc an 12,000 a ghlac páirt ann, agus na mílte dalta Gaelscoile ina measc.

Ba é seo an chéad mhórshiúl ag Gaeil an Tuaiscirt ó bhí 2014 ann, ach bhí i bhfad Éireann níos mó daoine ann — agus an ghrian ag spalpadh anuas orthu agus iad ag déanamh a mbealach dhá mhíle ón gCeathrú Gaeltachta ar Bhóthar na bhFál go dtí Halla na Cathrach.

“Táimid i mbun feachtasaí­ochta le sé mhí anuas ag lorg cearta,” a dúirt Caitlín Ní Chathail ón ngrúpa a d’eagraigh an mórshiúl, an Dream Dearg.

“Seo mórsprioc amháin a bhí againn — Lá Dearg eile agus táimid an-bhuíoch de gach duine a tháinig amach ar an lá. Táimid cinnte go n-athróidh seo rudaí agus go bhfeicfimi­d Acht Gaeilge go luath.

“Mar thuismithe­oir atá ag tógáil clainne le Gaeilge níl uaim ach go n-aithneodh an stát mo rogha teanga — saol trí Ghaeilge atá uaim.

Cearta

“Níl mé ar lorg pribhléid ná déanaíocht speisialta ón stát, díreach go n-aithnítear mo chearta teanga agus cearta teanga mo pháistí.” Diúltaíonn páirtí an DUP — an páirtí is mó — glacadh le hAcht Gaeilge, ach tá formhór na bpáirtithe eile ar a shon. Níl rialtas ó thuaidh faoi láthair mar gheall ar thitim amach idir an DUP agus Sinn Féin, agus tá Acht Gaeilge ina chuid lárnach de na comhráite atá ag dul ar aghaidh. Bhí ceol agus siamsaíoch­t taobh amuigh den Chultúrlan­n agus na Gaeil ag bailiú le chéile. Bhí craoladh beo ón gCultúrlan­n ag Raidió na Gaeltachta agus Raidió Fáilte.

Thosaigh an mórshiúl ag a haon a chlog agus bhain siad lár na cathrach amach roimh a trí.

Labhair baill den Dream Dearg ón ardán faoi na héilimh atá acu. Labhair muintir na Gaeltachta, daoine óga agus daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge faoin difear a dhéanfadh Acht Gaeilge dóibh.

Thug breis agus deich mbus tacadóirí ó gach cearn den tír le freastal ar an ócáid.

“Is ceiliúradh é seo, a chairde,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Chonradh na Gaeilge ón ardán.

“Tá cuid mhór rudaí bainte amach againn mar phobal ach ní leor é.

“Gheall siad dúinn os cionn deich mbliana ó shin go mbeadh Acht Gaeilge againn agus táimid go fóill ag fanacht leis.

“Tá am na cainte críochnait­he. Am gnímh atá ann anois.”

 ??  ?? Ar an mbóthar: Téann mórshiúl ar son Acht Gaeilge síos Bóthar na bhFál i mBéal Feirste Dé Sathairn. Meastar gur ghlac 12,000 duine páirt ann
Ar an mbóthar: Téann mórshiúl ar son Acht Gaeilge síos Bóthar na bhFál i mBéal Feirste Dé Sathairn. Meastar gur ghlac 12,000 duine páirt ann
 ??  ?? Teachtaire­achtaí: An mórshiúl ar an mbealach Os ard: Ag siúl ar Bhóthar na bhFál Gliondar: Ag baint lár na cathrach amach Fógra: Litreacha ollmhóra ar Shliabh Dubh thar Bhéal Feirste Dearg le daoine: An slua ag Halla na Cathrach
Teachtaire­achtaí: An mórshiúl ar an mbealach Os ard: Ag siúl ar Bhóthar na bhFál Gliondar: Ag baint lár na cathrach amach Fógra: Litreacha ollmhóra ar Shliabh Dubh thar Bhéal Feirste Dearg le daoine: An slua ag Halla na Cathrach

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland