Dóchas ag fás i dtíortha an Euro
Tá an Breatimeacht ag cruthú go leor imní anseo in Éirinn ach tá cúrsaí ag feabhsú i limistéar an Euro, dar le heacnamaithe.
Léirítear sna figiúirí is deireanaí go bhfuil an dífhostaíocht sa bhloc ag an leibhéal is ísle le beagnach ocht mbliana anuas agus go raibh fás geilleagrach ag 0.5% sa chéad ráithe, i bhfad chun cinn ar an 0.2% sa Ríocht Aontaithe.
Tugann suirbhéanna gnó le fios gur lean an ghluaiseacht chun cinn sa bhliain nua laistigh de limistéar an Euro ar aghaidh go dtí an dara ráithe.
Vóta
Bunaithe ar thuairisc amháin, bhí an fás ag an ráta is airde le sé bliana anuas i mí na Bealtaine.
Deir an tAontas Eorpach go bhféadfadh go mbeadh an fás i mbliana chomh maith leis an 1.8% a bhí ann anuraidh, i ndiaidh don phobal vóta a chaitheamh i gcoinne iarrthóirí ón eite dheas san Ollainn agus sa Fhrainc.
Meastar freisin go leanfaidh an dífhostaíocht ar aghaidh ag titim agus an téarnamh geilleagrach le brath i ngach cearn den réigiún ar deireadh.
“Tá an tacaíocht do pháirtithe frithbhunaíochta nó pobalacha ag titim go géar le cúpla mí anuas,” a dúirt an t-eacnamaí ceannródaíoch Andy Cates.
Dúirt sé go bhfuil cúpla cúis leis an neartú le deireanaí, lena n-áirítear athbheochan ar fhás domhanda; éileamh intíre níos fearr; comharthaí go bhfuil caiteachas caipitil ag ardú; agus laghdú mór ar dhífhostaíocht i measc an aosa óig.
Go fadtéarmach, beidh níos mó tacaíochta ann mar gheall ar airgeadas poiblí na mballstát a bheith níos fearr, a thugann níos mó spáis dá rialtais an téarnamh a neartú, a dúirt sé.
“Is cosúil go bhfuil iontaoibh as geilleagar na hEorpa ag filleadh go tapa,” a dúirt eacnamaí eile, Bert Colijn.
“Ceaptar go bhfuil an chuid is measa thart ó thaobh riosca polaitíochta de. I ndiaidh Trump agus an Bhreatimeachta bhí imní ar dhaoine go bhfeicfí níos mó den dearcadh sin agus go bhféadfadh sé sin deireadh a chur leis an Euro,” a dúirt sé.