Irish Independent - Seachtain

Traochta tar éis oíche den scoth leis na Gunnaí...

- DÁITHÍ ÓSÉ

Táim ag scríobh chugaibh an tseachtain seo agus caithfidh mé a rá go bhfuilim traochta dóite amach tar éis ceann dos na hoícheanta is fearr a bhí agam le fada! Ní thiocfaidh sé seo le haon ionadh. Bhíos ag ceolchoirm Guns N’ Roses agus bhíodar ar fheabhas!

Bhíos ag an gceolchoir­m seo 25 bliana ó shin mar dhéagóir agus bhí sé ar nós go rabhas an t-aos sin aríst — sea, bhíos 16 arís!

Ní dóigh liom go bhfuil banna eile ann go bhfuil na focail agam dos na hamhráin ar fad. Ní rabhas in ann labhairt mar go rabhas ag canadh an oíche ar fad!

Bhí gach éinne a bhí ag dul ann ag faire ar an réamhaisné­is mar go raibh báisteach in ainm is a bheith ann an lá sin agus báisteach throm.

Bhí an t-ádh liom — bhaineas an áit amach timpeall ar a 4.30 agus níor thit deor ón am sin ar aghaidh. Bhí an mhaidin lofa agus cheapas go mbeadh an tráthnóna mar a chéile. Ceann dos na rudaí a bhí ana-shuimiúil mar gheall ar an ócáid seo ná go raibh gach éinne chomh múinte! Ní raibh aon trioblóid ann. Daoine a bhí ar comhaois liom fhéin agus níos sine a bhí ann agus ní raibh faic uainn ach ceol agus ceol na nGunnaí! Ní raibh sé mar seo 25 bliana ó shin. Daoine óga is mó a bhí ann!

Éinne go bhfuil aithne aige orm tá fhios acu nach maith liom a bheith déanach! Bhíos ag obair an mhaidin sin in Éadan Doire in Uíbh Fhailí ag cur Seamus Darby fé agallamh, sea, an fear a fuair an cúl úd i gcoinne Chiarraí i 1982!

Bhí ana-chraic agam leis, níor bhuaileas riamh leis agus thug sé cuntas iontach ar pheil Uíbh Fhailí ag an am agus ar a shaol fhéin. Bhíos in ainm is a bheith imithe ón áit sin ag a dó agus bhí an chaint chomh maith sin ó Darby go raibh sé 2.30 nuair a chríochnai­gh an rud ar fad. Bhí brú orm ansin an cheolchoir­m a bhaint amach mar go rabhas ag bualadh le cairde. Bhíos sásta nuair a bhíos istigh! Bhí ana-lá ann ó thús deireadh. Ní gach lá a bhuaileann tú le fear a chuir ag gol tú nuair a bhíos sé bliana d’aois agus an lá céanna go dtagann an banna is fearr ar domhan — dar liom — chun na tíre!

Ceann dos na rudaí a bhí ana-shuimiúil mar gheall ar an ócáid seo ná go raibh gach éinne chomh múinte

 ??  ?? Ar fheabhas: Axl Rose agus Slash (thíos) ar an ardán
Ar fheabhas: Axl Rose agus Slash (thíos) ar an ardán
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland