Irish Independent - Seachtain

Chaith mé oíche sa chillín mar labhair mé i nGaeilge

- Le Gearóid Ó Muilleoir

Chaith Gaeilgeoir oíche i stáisiún na bpéas mar gur dhiúltaigh sé Béarla a labhairt.

Stop na póilíní Seanán Mac Aoidh i mBéal Feirste an oíche roimh an Lá Dhearg — mórshiúl sa chathair an tseachtain seo caite ar son Acht Gaeilge sa Tuaisceart.

Dúirt sé go raibh sé “ag déanamh bolscairea­chta” don mhórshiúl ar Bhóthar na bhFál nuair a tháinig oifigigh ó Sheirbhís Póilíneach­ta Thuaiscear­t Éireann air.

“Cheistigh na péas mé faoin rud a bhí ar bun agam agus d’fhreagair mé i nGaeilge,” a dúirt sé.

“Is í an Ghaeilge mo chéad teanga agus leis an fhírinne a dhéanamh níor smaoinigh mé faoi bheith ag tabhairt freagra i nGaeilge, ach tháinig sé amach go nádúrtha,” a dúirt Seanán, arb as Contae Mhuineachá­in dó.

“Agus ansin nuair a d’iarr siad orm é a rá i mBéarla shocraigh mé leanúint ar aghaidh sa Ghaeilge. Mar sin ghabh siad mé agus thóg siad mé chuig an phríomhstá­isiún i Sráid Musgrave sa bhaile mhór.”

Coinníodh thar oíche é go dtí go bhfuarthas ateangaire le go dtuigfeadh na póilíní cad a bhí á rá ag Seanán.

Ceisteanna

“Cheistigh na péas mé sa stáisiún agus bhí siad iontach dáiríre ar dtús, agus ansin cuireadh mé sa chillín agus níor tháinig siad chugam ach anois agus arís. Ach gach uair bhí siad ag rá liom: ‘Ní gá duit ach na ceisteanna a fhreagairt i mBéarla agus beidh an eachtra seo thart ar fad’. Bhí siad cairdiúil i rith an ama.

“Ag am amháin tháinig an fear seo chugam sa chillín – níl a fhios agam ar fear péas é nó oibrí sa stáisiún — agus dúirt sé liom, ‘is as cúlra Caitliceac­h mise fosta mar atá agatsa. Agus tá mé ag tacú leat céad faoin chéad, ach ba chóir duit Béarla a labhairt leo agus scaoilfí saor thú’.

“Dar liom go raibh sé sin greannmhar, agus bhí sé cairdiúil, ach dúirt mé i nGaeilge leis nár bhain mo chinneadh an Ghaeilge a labhairt le creideamh ar bith agus nach ndéanfainn an t-agallamh ach sa Ghaeilge. Ach ní dóigh liom go raibh clú dá laghad aige cad é a bhí á rá agam!”

Sa deireadh, d’iarr na póilíní ar ateangaire a tháinig an bealach ar fad ó Chontae Fhear Manach 70 míle ar shiúl.

“Tháinig sé chugam an lá dár gcionn,” a dúirt Seanán. “Thosaigh sé ag aistriú fhocail na bpéas ach dúirt mé leis go dtuigim iad — ach d’aistrigh sé focail s’agam do na péas.

“Agus ansin ligeadh saor mé. Ar mo bhealach amach bhuail mé arís leis an dochtúir a bhíonn ag obair sa stáisiún, agus bhí a fhios agam gur Afracánach as an Afraic Theas é.

“Dúirt sé ‘goodbye’ liom agus bhí a fhios agam nach raibh Gaeilge aige, mar sin dúirt mé ‘thank you’ leis i mBéarla. Dúirt seisean ‘dankie’ liom, agus dúirt mé ‘dankie’ ar ais.” Agus bhí áthas ar Sheanán gur scaoileadh saor é in am don agóid mhór.

“Agus níor chreid mé é, ach nuair a ligeadh saor mé thart fá mheán lae, bhí an mórshiúl ar a bhealach ó Bhóthar na bhFál. Shiúil mé suas le bualadh leis agus bhí áthas an domhain orm mo chairde uilig a fheiceáil arís.

“Thug siad croí isteach dom agus shiúil muid le chéile chuig Halla na Cathrach. Bhí lá ar dóigh againn.” Dúirt Seanán (27) go ndéanfadh sé an rud céanna arís dá stopfadh na péas é. “Labhraím Gaeilge le mo theaghlach i Muineachán agus tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste le dhá bhliain anuas agus tá mé in aon teach le roinnt Gaeilgeoir­í eile, is í mo phríomhthe­anga í. “Ba chóir go mbeadh muid ábalta í a labhairt leis na húdaráis fosta.”

Nuair a d'iarr siad orméará i mBéarla shocraigh mé dul ar aghaidh sa Ghaeilge. Mar sin ghabh siad mé agus thóg siad mé go dtí an stáisiún

 ??  ?? Ag labhairt amach: Seanán ar ais ag an stáisiún peas inar ceistíodh é
Ag labhairt amach: Seanán ar ais ag an stáisiún peas inar ceistíodh é
 ??  ??
 ??  ?? Saor: Seanán ag an mhórshiúl i lár Bhéal Feirste cúpla uair an chloig i ndiaidh gur scaoileadh saor é. Ar chlé, é ag labhairt leis an slua
Saor: Seanán ag an mhórshiúl i lár Bhéal Feirste cúpla uair an chloig i ndiaidh gur scaoileadh saor é. Ar chlé, é ag labhairt leis an slua
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland