Irish Independent - Seachtain

Tá samhradh na bhféilte linn arís

- Le Katie McGreal

Tá an samhradh buailte linn, a chairde! Tá aimsir na scrúduithe agus an staidéir beagnach thart agus ní fada go mbeidh laethanta saoire na scoile linn arís.

Cé nach mbíonn aimsir iontach againn, tá a fhios againn conas an chraic a bheith againn agus le linn an tsamhraidh tarlóidh cuid den chraic sin ag féilte ó cheann ceann na tíre. Seo sampla beag de na féilte is fearr do na Gaeil. Seo an dara bliain den fhéile champála agus beidh sí i bhfad níos mó i mbliana. Beidh ceoltóirí den scoth ar an ardán don lá ar fad Dé Sathairn — JJ Ó Dochartaig­h, Boss Sound Manifesto, IMLÉ, Scannal, Emma Ní Fhíoruisce agus neart eile.

Beidh ranganna Ghaeilge na hAlban ar fáil, ióga trí Ghaeilge, seisiún grinn le GaelGháirí agus imeacht filíochta Reic. Tá Glór na nGael ag eagrú lá teaghlaigh Dé Sathairn ó 1–5in agus beidh sin ar siúl i bPáirc Chuimhneac­háin Ráth Chairn.

Tá ticéid ar fáil ar EventBrite ar chostas idir €30 i gcomhair ticéad lae agus €50 don deireadh seachtaine, le campáil san áireamh. Beidh David Keenan, Brian Kennedy, David Gray agus Ham Sandwich i measc na gceoltóirí a bheidh ar an ardán. Tarlóidh na himeachtaí ar fad thart ar bhaile beag gleoite Chaisleán Uidhilín agus bíonn atmaisféar den scoth ann. Is féidir ticéid a fháil do na ceolchoirm­eacha ar an suíomh www.somafestiv­al.com agus tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad ar fáil ansin freisin. Tá neart go fóill le fógairt ag lucht Soma, féile a bhíonn dátheangac­h. Coinnigí súil ar an leathanach Facebook atá acu leis an eolas is déanaí a fháil. Seo an tríú bliain den fhéile phobail don aos óg agus táthar ag iarraidh í a fhorbairt arís. Tá na heagraithe ag súil le ceolchoirm a chur ar siúl saor in aisce i lár chathair Bhéal Feirste.

Tá leathanach sluamhaoin­ithe acu agus iad ag lorg £3,000. Leis an airgead sin beidh siad in ann ranganna féinchosan­ta a chur ar siúl, ceardlanna ar chúrsaí feimineach­ais, imeachtaí do pháistí a reáchtáil agus ceolchoirm­eacha den chéad scoth a eagrú.

Tarlóidh an chuid is mó de na himeachtaí i gCultúrlan­n McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Tá neart eile le fógairt acu agus beidh an t-eolas ar fad ar leathanach Facebook Liú Lúnasa agus ar Twitter. Thosaigh an fhéile seo in ómós do Con Curtain, an fidléir cáiliúil, in 2001.

Cuirfidh an grúpa Téada tús leis Dé hAoine le ceolchoirm bheo bhríomhar. Beidh ceardlanna agus comórtais ar an mbosca ceoil Dé Sathairn. Beidh céilí seit ar siúl Dé Domhnaigh leis an mbanna céilí Stroilán.

Beidh na ceoltóirí Nell Ní Chróinín agus Mike O’Connor i mbun ceoil ar an lá sin freisin agus beidh seisiúin thraidisiú­nta ar siúl sna tithe tábhairne le linn an deiridh seachtaine.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Facebook Con Curtain Music Festival. Thosaigh an fhéile cheoil, spraoi agus chraice seo in 2012 agus tá sí ar an bhfód ó shin.

I mbliana beidh Skippers Alley, Laochra, Nuadán agus neart eile ar an ardán.

Cuirtear ceardlanna damhsa, ealaíne agus ceoil ar siúl le linn an deiridh seachtaine agus bíonn atmaisféar iontach ann. Is iad muintir na háite a chuir tús leis an bhféile seo an chéad lá riamh agus is iadsan atá ina bun go fóill.

Bhí muintir na háite ag iarraidh aird na ndaoine a tharraingt i dtreo an bhaile álainn seo atá lonnaithe cois farraige i nGaeltacht Chonamara. Eagraíonn siad imeachtaí gach bliain le hairgead a bhailiú don fhéile seo agus ní bhíonn costas ar na himeachtaí. Táthar ag lorg oibrithe deonacha le cabhrú ag an bhféile i mbliana.

Tá tuilleadh eolais faoi Thraidphic­nic ar fáil ar an leathanach Facebook atá acu nó ar an suíomh idirlín www.traidphicn­ic.com. Is é an compántas amharclain­ne Aisling Ghéar atá taobh thiar den fhéile seo. Seo an chéad bhliain den fhéile agus beidh seó do pháistí le Fíbín agus ceardlann phuipéadói­reachta le Marc Mac Lochlainn ón gcomhlacht Branar ann.

Rachaidh Aisteoirí Bhéal Feirste chun stáitse Dé Domhnaigh leis an dráma An Giall le Breandán Ó Beacháin agus beidh Cumann Drámaíocht­a Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i láthair freisin le Cogar sa Pháirc.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó leathanaig­h Facebook agus Twitter Aisling Ghéar nó ar an suíomh idirlín www.aislingghe­ar.com. Seachtain de chraic, imeachtaí, ceol agus spraoi ar cheann de na hoileáin is deise in Éirinn!

Bíonn comórtais acu gach bliain ina mbíonn ar dhaoine an liathróid chispheile a aimsiú agus iad ag tiomáint tochaltóra. Tá tráthnóna na mban beartaithe acu i mbliana Dé Céadaoin. Beidh daoine áitiúla ann ag taispeáint na dtáirgí áille atá acu agus déanfar taispeánta­is gruaige, smididh agus neart eile freisin.

Anuraidh, bhí teach tábhairne inséidte amháin ag an bhféile, i mbliana beidh péire acu ann — tuilleadh spáis don chraic ar fad!

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach Facebook Féile Chill Damhnait-Kildownet Festival. Tá UCD ag obair le Gaelchultú­r an samhradh seo leis an chéad Tionól Gaeilge a chur ar siúl.

Tá sé dírithe ar dhaoine fásta in Éirinn agus thar lear ar spéis leo an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach. Beidh ranganna Gaeilge ar siúl ar maidin agus beidh léachtaí ar siúl tar éis an lóin ina ndíreofar ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den chultúr Gaelach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó oifigeach.gaeilge@ucd.ie nó (01) 716 738. Is imeacht míosúil é seo d’aon duine ar spéis leo an Ghaeilge. Cuirfidh lucht Axis Bhaile Mhunna fáilte romhat cuma má tá tú líofa sa Ghaeilge nó má tá cúpla focal agat. Oícheanta siamsaíoch­ta le ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge trí ghníomhaío­cht, taispeánta­s agus comhrá.

Bíonn téama acu gach mí agus is é an ceol an chéad téama eile. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach Facebook Crash Test Caint.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland