An mbeidh an lá leis an Chlár arís i mbliana?
Lean sin a fheara ón Chlár agus Luimneach! Cluiche den scoth a chonacthas coicís ó shin idir Corcaigh agus Tiobraid Árann i gcraobh iomána na Mumhan agus má tá a mhacasamhail againn Dé Domhnaigh nach mór an t-ádh a bheidh orainn.
Anuraidh, fuair an Clár an lámh in uachtar ar Luimneach 0-19 le 0-15 sna babhtaí cáilithe don chraobh.
Difriúil
Deirtear i gcónaí gurbh ainmhí difriúil an chraobh i gcomparáid leis an tsraith ach is fiú féachaint air cá as a bhfuil an dá fhoireann ag teacht go háirithe mar nár chruthaigh ceachtar den dá fhoireann mórán draíochta sa tsraith i mbliana.
D’imir an Clár i Roinn a 1A ag buachaint ar Áth Cliath agus Cill Chainnigh ach chaill siad na trí cinn eile, ag sleamhnú isteach sa chluiche dícháilithe a bhuaigh siad in CRAOBH IOMÁNA NA MUMHAN Luimneach v an Chláir, Staid Stemple, Durlas, Contae Thiobraid Árann, Dé Domhnaigh @16.00 éadan Átha Cliath 3-18 le 0-19. Cuireadh ceisteanna faoina bpróiseas cinnteoireachta le linn na sraithe agus tá siad faoi bhrú dul chomh fada le cluiche ceannais na Mumhan den chéad uair ó 2008.
Seo an t-ochtú bliain nár éirigh le Luimneach ardú céime a bhaint amach as Roinn a 1B.
Spreagadh
Tugann an bua a fuair siad i gcoinne Chorcaí i mbabhta ceathrú ceannais na sraithe spreagadh dóibh, go háirithe leis an mhéid a tharla le déanaí, ach ar an lámh eile ní raibh cuma fhuinniúil orthu sa bhabhta leathcheannais in éadan na Gaillimhe.
Mar sin, cad a fheicfimid ó Luimneach? Tuairiscítear go bhfuil gortú ag cur as do Diarmaid Byrnes agus William O’Donoghue.