Irish Independent - Seachtain

Ag tnúth go mór leis na cluichí

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Tá na milliúin daoine ar fud na cruinne a bhaineann ana-shásamh go deo as bheith i láthair ag cluichí spóirt. Dáiríre, níl ganntanas de chluichíoc­ht den iliomad cineáil ann.

Tá a scair féin ag pobal na tíre seo agus ag an dtráth seo den mbliain is ag cluichí dúchasacha na tíre atá ‘an tArdán is Mó’. Tá cuma ar an scéal go mbeidh breis daoine ag freastal ar na cluichí i mbliana i gcomparáid leis na blianta ó 2008 anall.

Is maith san ach beidh aicme eile nach mbeidh in aon cheann des na hionaid imeartha ach ag faire agus ag éisteacht le tráchtaire­achtaí agus tuairimíoc­ht ar theilifís nó raidió.

Ach is cinnte go bhfuil tréith chomónta acu uilig — an sásamh a bhaineann le bheith ag tnúth le cluiche nó cluichí a bhíonn ag druidim le tairseach na páirce.

Caithfidh mé a admháil go dtaitníonn ‘tréimhse an tnútha’ go mór liom féin. Is sampla maith é cluiche mór na seachtaine seo — iománaithe Luimnigh in aghaidh an Chláir i Staid Semple, Durlas Éile.

Is cuimhin liom go maith nuair chuala sainmhíniú beacht ar shásamh an tnútha. Tharla go rabhas i gCaisleán a’ Bharraigh le haghaidh chluiche ceannais an chúige.

I ndeireadh na himeartha bhí Maigh Eo mar churaidh ach de bharr gur athimirt a bhí ann b’éigean dóibh bheith réidh chun imirt i gcluiche leathchean­nais na hÉireann .

Sular bhuaileas bóthar abhaile casadh an tAthair Leo Ó Móracháin orm, fear a bhí sáite go doimhin i bpeil Mhaigh Eo agus dóthain eile de chultúr Gaelach na tíre.

Ní nach ionadh bhí plé fada againn i dtaobh gach aon nidh a sciorr isteach agus amach as ár gcloigne i dtaobh chluiche an Domhnaigh a bhí fós seacht lá i gcéin uainn. Bhí an focal scoir ag an gConnachta­ch agus ba bhinn é mar chríoch — “nach mór an trua nach bhfuil againn ach seachtain amháin chun bheith ag tnúth leis!”

Níl dul as agam ach bheith i nDurlas Éile cé gur mhaith liom bheith i dTuar Mhic Éadaigh freisin le haghaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta. Beidh mé ‘thiar’ ar an Luan dos na cluichí ceannais.

Tá an comórtas ag bogadh i dtreo an leathchéid ar an saol agus traidisiún dá chuid féin bunaithe go daingean ag an bpointe seo. Deirtear nach bhfuil bunchleite amach ná barrchleit­e isteach maidir le háiseanna imeartha ná aon ghné eile atá riachtanac­h.

Tá ana-chreidiúin­t ag dul don gclub áitiúil, Tuar Mhic Éadaigh.

Maidir leis an gcluiche iomána tá buntáiste ar leith ag an gClár. Níl brú d’aon sórt orthu mar go bhfuil bonn Uile-Éireann ina bpócaí cheana féin ag a bhformhór agus bonn sraithe taobh leis.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland