Irish Independent - Seachtain

PRÓIFÍL LEATHANACH 2

ARIANA GRANDE

-

CEOLTÓIR POPCHEOIL

Cé hí an ceoltóir seo i lár na tragóide? Is réalta mhór popcheoil í Ariana Grande as Meiriceá a bhfuil cúlra Iodálach aici agus a bhfuil clú domhanda uirthi anois. Bhí sí ag taisteal ar fud na cruinne lena ceolchoirm úr ‘Dangerous Woman’ go dtí gur cuireadh ar athló í i ndiaidh an ionsaithe uafásaigh. Ar an 22 Bealtaine, bhí ceolchoirm díolta amach ag Ariana (23) le 21,000 duine i láthair i Manchain Shasana. Thart faoi leath i ndiaidh a deich, mharaigh an buamadóir Salman Ramadan Abedi é féin agus 22 dhuine, cuid mhór acu ina bpáistí — agus gortaíodh 116 dhuine. Ba é an t-ionsaí ba mheasa i Sasana é ó bhuamaí Londan sa bhliain 2005. Cad é a tharla ina dhiaidh an phléascáin? Dar ndóigh, b’uafásach an tragóid é. Is é seo an rud deireanach a shílfeá go dtarlódh ag ceolchoirm. Chuir Ariana giolc amach láithreach dá cuid leantóirí. “Briste, ó bhun mo chroí, tá fíorbhrón orm, níl aon fhocla agam.” D’eisigh sí preasráite­as ag iarraidh sólás éigin a thabhairt do dhaoine. “Is é an freagra ar fhoréigean ná tarraingt le chéile, cuidiú lena chéile, lán grá agus ceoil...” Agus cé hiad na daoine bochta a maraíodh agus iad ag imeacht ón cheolchoir­m? Seasann cúpla cás amach — ba í an ghirseach ocht mbliana d’aois, SaffieRose Roussos (ar chlé), an chéad duine a ainmníodh. Tá a máthair agus a deirfiúr san ospidéal faoi láthair agus iad gortaithe go dona. Bhí deichniúr de na daoine a maraíodh faoi bhun 20 bliain d’aois. Cuireadh saighdiúir­í ar shráideann­a Shasana le daoine a chosaint. Ba thragóidea­ch an slad a tharla i Manchain, ach tá muid slán in Éirinn, nach bhfuil? Tharla ionsaithe cosúil leis an Mhanchain i dtíortha eile san Eoraip le tamall anuas — an Bhruiséil, Páras, Nice agus i Londain fosta. Níl aon chomhartha ann go bhfuil aon bhagairt ar Éirinn, tír a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a neodracht. Ach bíonn na Gardaí ar an airdeall an t-am ar fad. Is cinnte gur chuir an t-ionsaí isteach ar Ariana féin? Is léir gur bhean chróga í — dúirt sí go mbeadh sí ag pilleadh ar Mhanchain le haghaidh ceolchoirm eile agus chun airgead a chruinniú do na híospartai­gh. Fágfaidh an tragóid seo a lorg uirthi go deo. — NAOISE Ó CAIREALLÁI­N

 ??  ?? Ceolchoirm: Dúirt Ariana Grande go bpillfeadh sí go Manchain an tseachtain seo chugainn
Ceolchoirm: Dúirt Ariana Grande go bpillfeadh sí go Manchain an tseachtain seo chugainn
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland