Ní neart go cur le chéile
Óam go chéile buaileann an chuimhne bob orainn i leith nithe a ghabhann siar thar achar maith de bhlianta. Mar sin féin táimse ionann agus bheith cinnte go mbíodh béim ar sheanfhocail na Gaeilge go forleathan ins na scoileanna le linn m’óige.
Chuadar i bhfeidhm ar go leor daoine, mise ina measc. Creidim go dtí an lá inniu go bhfuil ana-ghaois iontu agus glacaim leis go bhfuil an ghaois chéanna ag baint le seanfhocail i dteangacha eile.
Ó thaobh úsáide de ’sé mo thuairim gurb é ‘ní neart go cur le chéile’ an ceann atá chun tosaigh sa ghnáthchaint. Is fuirist é thuiscint fiú ag daoine nach mbeadh caighdeán líofa i dteanga na Gaeilge bainte amach acu.
Is fusa fós é a mhíniú do dhaoine agus bíonn éifeacht ag baint leis má dhéantar beart dá réir.
Faraoir ní dheintear go minic é i gcúrsaí spóirt CLG. Is sampla é a dhéanaí agus a fhógraítear foirne peile do chluichí thar an deireadh seachtaine. ’Siad Áth Cliath curaidh Uile-Éireann ag an bpointe seo agus is uathu ba cheart an dea-shampla bheith ag teacht.
Ach ní mór a rá go bhfuil na Boird Chontae ag déanamh faillí ar a ndualgas mar is acu atá an fhreagracht agus an chumhacht sa réimse sin.
Is mó aicme a bhíonn sa chumasc le ionchur a neartaíonn ‘Aonad CLG’ ó Pháirc an Chrócaigh go dtí na préamhacha ins na clubanna.
I dtosach tá na himreoirí ach cad is féidir a dhéanamh gan bainisteoirí, roghnóirí, áiseanna, lucht leanta, struchtúir, comhairleoirí, lucht na meán cumarsáide, an t-aicme deonach — liosta gan teora.
Eolas a bheathaíonn obair na n-iri- seoirí agus réimsí cumarsáide eile agus bíonn lucht leanta ar bís chun teacht ar eolas i leith na bhfoirne.
Nach éagóir mór orthu go gceiltear an t-eolas ró-fhada uathu — foirne á bhfógairt déanach sa tseachtain, bac ar imreoirí agallaimh a dhéanamh agus mar sin de.
An bhfuil neamhaird á thabhairt ar ghaois an tseanfhocail, ní neart go cur le chéile? An iad na hiománaithe a thabharfaidh an dea-shampla arís?
Tá daoine ag caint go fóill faoi phléaráca Staid Semple nuair chas iománaithe Chorcaí agus Thiobraid Árann ar a chéile i mbabhta ceathrú ceannais de chraobh na Mumhan. Fágaimis i sparán na haigne é.
Ach an bhfuil seans go mbeidh féasta de chluichí spreagúla iomána le feiscint againn i rith na seachtainí atá romhainn? Cill Chainnigh agus Loch Garman is túisce chun catha. Cuireann sé leis an spéis gur ar Pháirc Loch Garman a imreofar é.
Maidir leis an bpeil, tá liosta de chluichí tábhachta ar an gclár agus cá bhfios ná go dtabharfaí saoire do mheon imeartha diúltach, leamh.