Irish Independent - Seachtain

Acht Gaeilge ‘ar an méar fhada’ mar gheall ar an rialtas nua i Londain

Bhuail Príomh-Aire na Breataine Theresa May le ceannasaí an DUP Arlene Foster i Sráid Downing i Londain inné agus iad ag cur rialtas nua ar bun— agus anois tá buaireamh ar Ghaeil an Tuaiscirt nach bhfuil aon seans ann go dtabharfar isteach acht teanga mar

- — KATIE McGREAL ARLENE FOSTER CEANNASAÍ AN DUP

Ní raibh mórán aitheantai­s ag ceannasaí an DUP taobh amuigh den Tuaisceart — ach cén fáth ar athraigh sin an tseachtain seo? Mar is dlúthchara í Arlene anois le Príomh-Aire na Breataine Theresa May. Tá vótaí Arlene de dhíth ar May leis na Coimeádaig­h a chur ar ais sa rialtas i Sasana. Fuair na Tóraithe 318 suíochán san olltoghchá­n an tseachtain seo caite ach sin ocht suíochán níos lú ná mar a bhí de dhíth uirthi le rialtas a chur le chéile. Agus sin an áit a dtagann Arlene Foster agus an DUP isteach sa scéal...

Cá mhéad suíochán a fuair an DUP? Fuair an DUP 10 suíochán in Westminste­r, dhá cheann níos mó ná mar a bhí acu. D’fhógair Arlene an lá i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an DUP i mbun comhrá leis na Tóraithe faoi rialtas úr a chruthú. Tá neart cainte — go háirithe ar na meáin shóisialta — faoi na polasaithe conspóidea­cha atá acu mar gheall ar an ghinmhille­adh, daoine aeracha, an t-athrú aeráide agus an Ghaeilge. Tá daoine i Sasana ag cur aithne orthu den chéad uair.

Mar sin, an mbeidh níos mó tionchair ag an DUP anois? Cinnte go mbeidh. Agus beidh le feiceáil an mbeidh sé ar leas nó ar aimhleas na hÉireann. Ar a laghad deir an DUP go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh an teorainn mar atá sí i láthair na huaire agus go mbeidh daoine ábalta dul trasna gan stopadh tar éis an Bhreatimea­chta.

Agus cé hí Arlene féin? Is as Contae Fhear Manach í, tá triúr páistí aici agus tá sí 46 bliana d’aois. Is aontachtaí go smior í. Dhiúltaigh sí dul go comóradh an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath anuraidh agus dúirt sí gur “ionsaí ar an daonlathas” a bhí san Éirí Amach. Beidh Arlene ar dhuine de na polaiteoir­í is mó tionchar sa Bhreatain anois — is fiú súil a choinneáil uirthi!

 ??  ??
 ??  ?? I mbéal an phobail: Tá Arlene Foster ag dul isteach sa rialtas leis na Tóraithe i Sasana
I mbéal an phobail: Tá Arlene Foster ag dul isteach sa rialtas leis na Tóraithe i Sasana

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland