Easpa cócairí ar fud na tíre
Tá seans go mbeidh bialanna dúnta ar fud na tíre de bharr easpa cócairí, a dúradh leis an Rialtas.
Agus éiginnteacht leanúnach ann mar gheall ar an mBreatimeacht, tá go leor áiteanna sa tír ina bhfuil fás ollmhór ar líon na dturasóirí.
Ní cháilíonn ach 1,800 cócaire nua gach bliain, ach teastaíonn thart ar 5,000 ón tír.
Mhaígh Adrian Cummins, Príomhfheidhmeannach Chumann Bialann na hÉireann: “Bíonn ar roinnt bialann ar fud na tíre dúnadh ar an Luan agus ar an Máirt mar gheall ar ghanntanas cócairí.
Lárionad
“Is spéisiúil go bhfuil lárionaid oiliúna ag tionscail mhóra eile in Éirinn, ar nós na talmhaíochta agus na hiascaireachta, ar fud na tíre,” a dúirt Cummins.
“Tá sé craiceáilte nach bhfuil aon choláistí oiliúna dár dtionscal sa tír seo.”
Tá an Rialtas tar éis tograí nua printíseachta a cheapadh ach táthar ag cáineadh an Aire Richard Bruton mar sin féin.
Deir an Cumann go bhfuil an príomhghanntanas scileanna i measc cócairí atá cáilithe go cuí. Nuair a bhíonn ganntanas cócairí commis ann, cruthaítear ganntanas ag leibhéil níos airde agus níos sainoilte. Agus i gcás na n-iarratasóirí a chuireann isteach ar phost mar chócairí, meastar nach bhfuil go leor díobh cáilithe go cuí.
Léiríonn sé sin nach bhfuil dóthain lárionaid oiliúna ann do chócairí. Cáilíonn 1,800 cócaire gach bliain ó chláir dheimhnithe oiliúna don chócaireacht. Cruthaíonn sé sin easnamh 5,000 cócaire faoi oiliúint gach bliain láithreach.
Is oibrithe Éireannacha iad 69% de na fostaithe san earnáil Fáilteachais. Léiríonn sé sin tábhacht an tionscail.
Dúirt Cummins mar fhocal scoir: “Táimid ag iarraidh a bheith in ann Éire a chur chun cinn mar lárionad feabhais do chúrsaí bia, áit ar féidir taithí iontach a fháil ar chócaireacht ina bhfuil cócairí den chéad scoth ag stiúradh na hoibre.
“Ach ina áit sin, tá ganntanas ollmhór cócairí in Éirinn ag bagairt rath na turasóireachta agus théarnamh an tionscail.”