Irish Independent - Seachtain

Is breá liom taisteal sa charr le cairde James

-

Sea bhíos ann maidin Dé Céadaoin seo caite agus an t-uachtar gréine agus mo bhríste gearr ullamh le dul — mar de ghnách nuair a thosnaíonn na scrúduithe stáit tagann an ghrian amach chomh maith! Bhuel don gcéad uair le fada níor tharla sé sin! Faraoir agus roinnt laethanta saoire agam chomh maith an uair seo! Pé scéal é ní raibh faic le déanamh agam ach tabhairt fén dteilifís agus tá a fhios ag gach éinne ná bíonn puinn air an t-am seo bliana seachas an spórt ag an deireadh seachtaine agus caithfidh Sky a bheith agat do chuid dó sin anois, rud ná fuil agam! Is cuimhin liom an t-am seo an bhliain seo caite bhí gach éinne ag caint ar ‘Carpool Karaoke’ le James Corden. Bhí ionadh ar gach éinne sna Stáit Aontaithe nuair fuair James an post mór ann ach níl aon dabht ach go raibh a fhios ag CBS cad a bhíodar ag déanamh. Chuas go CBS — ach bhí an CBS seo sa Daingean agus bhí bráithre difriúla ann!

Toisc go raibh an aimsir go hainnis agus ná raibh faic ar an mbosca thugas fé YouTube agus an Carpool Karaoke seo agus caithfead a rá go dtugas uaireanta an chloig ag féachaint air! Sé a chuir isteach i mo cheann dul ag féachaint air ná go raibh sé ar na meáin shóisialta ar fad go raibh Katy Perry tar éis é a dhéanamh agus ba scéal mór é seo! Thosnaíos leis an turas iontach seo. Ceann dos na rudaí is fearr liom mar gheall air ná gur coincheap ana-shimplí é agus fé mar atá a fhios againn ar fad seo na rudaí a thagann amach ar bharr i gcónaí.

Cé go mbíonn na hainmneach­a móra ann sé Corden fhéin an Rí agus leis an tslí éasca atá aige faigheann sé an chuid is fearr ós na daoine seo.

Níl aon dabht ach an oiread ach go gcuireann na hainmneach­a móra seo go mór leis. Tá éileamh ana-mhór ar na píosaí seo ar YouTube. Chonaic breis agus 12 mhilliún duine an ceann le Katy Perry agus 16 mhilliún an ceann le Ed Sheeran! Agus i ndáiríre níl ann ach beirt ag canadh sa charr!

Tá cuid dos na píosaí seo breis agus 10 nóiméad ar faid — cuimhnigh dá mbeadh amhránaí sean-nóis sa charr leis agus ceann dos na hamhráin mhóra acu, bheadh orthu tarrac isteach chun an carr a líonadh le peitreal agus tabhairt fé aríst.

Chaithfeá an cheist a chur cén áit eile a chanann daoine? Sa chith! Dheas liom fhéin an clár seo a chur i láthair, bhuel leath dó pé scéal é!

 ??  ?? Craic: Le Ed Sheeran
Craic: Le Ed Sheeran
 ??  ?? Ceol sa charr: Katy Perry le James Corden agus, ar chlé, ar stáitse
Ceol sa charr: Katy Perry le James Corden agus, ar chlé, ar stáitse
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland