Clár nua TG4 ón Oireachtas
Craolfar clár beo nua dírithe ar dhaoine óga, Lár Stáitse, ó Oireachtas na Samhna na bliana seo ar TG4.
Beidh an spotsolas ar ealaín an agallaimh beirte sa chlár agus craolfar babhta craoibhe an aoisghrúpa 12-15 bliana chomh maith le roinnt iomaitheoirí ó chomórtais agus aoisghrúpaí eile, ina measc, aithriseoireacht, scéalaíocht agus lúibíní.
“Tá ríméad orainn an t-ardán nua seo a bheith á thabhairt ag TG4 do na healaíona béil traidisiúnta,” a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.
“Is cuid fíorthábhachtach iad dár n-oidhreacht cultúir agus teanga, agus feithicil luachmhar do shealbhú agus do bhuanú saibhreas Gaeilge i measc daoine óga. Tá súil againn go spreagfaidh an clár nua seo tuilleadh daoine óga le tabhairt faoi na healaíona béil.”
Agus dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4: “Is deas linn an fhorbairt is deireanaí seo ar ár gclúdach Oireachtais a bheith dírithe ar an óige.”
Craolfar an clár ar TG4 ar Aoine na féile ó 8-9.30in agus beidh sé ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv.
I measc na gcraoltaí beo eile a bheidh ar TG4 le linn an Oireachtais beidh Nuacht TG4 trí oíche agus na príomhchomórtais damhsa ar an sean-nós, Steip ar Shatharn na Féile.
Is i gCill Airne, Contae Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna ar siúl, ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh, an 1-5 Samhain.