Amharclann ar an stáitse arís
Áras stairiúil Gaeltachta ar ais i ndiaidh deontas €485,000
Oíche amháin i lár mhí na Samhna 1931, bhí scaifte beag ag airneáil i dteach Eoghain Mhic Giolla Easpaig i nDoirí Beaga i bparóiste Ghaoth Dobhair i nDún na nGall. Thosaigh siad ag caint faoi chaitheamh aimsire leis na hoícheanta fada geimhridh a chur isteach.
Mhol Eoghan Mac Giolla Bhríde, mac léinn leighis, gur cheart dóibh cumann drámaíochta a bhunú. Cé gur bheag cleachtadh a bhí acu ar dhrámaí a fheiceáil — taobh amuigh de na grúpaí taistil — agus cé nach raibh oiliúint ar bith acu i scileanna drámaíochta, cuireadh tús leis an chleachtadh thuas staighre i scioból Éamoinn Mhic Giolla Easpaig i Srath na Corcra.
Léirigh siad a gcéad drámaí faoin ainm Cumann Drámaíochta Dhoirí Beaga ar an 10 Eanáir 1932 i Halla Dhoirí Beaga, An tAonach, agus dráma grinn Béarla Mrs Mulligan’s Millions. Thaitin an drámaíocht go mór le pobal na háite.
Scríobh Eoghan Mac Giolla Bhríde cúpla dráma nua-chumtha bunaithe ar stair agus ar sheanchas Ghaoth Dobhair: In Aimsir an Mháirtínigh, a bhí bunaithe ar Chogadh na Talún, ar mharú an Mháirtínigh DI William Martin in 1889 agus ar cheannasaíocht an Athar Séamas Mhic Pháidín, Ghaoth Dobhair (1875-1900); agus An Fealltóir, a bhí bunaithe ar Phádraig Ó Domhnaill agus James Carey, baill de na Invincibles a bhí páirteach sna Phoenix Park Murders in 1882.
Spreag na drámaí sin spiorad agus bród sa phobal. Tugadh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an chumann ó 1935 ar aghaidh.
Thosaigh siad ag dul chuig na féilte drámaíochta. Bhuaigh siad ocht gcorn idir 1932 agus 1939. Nuair a fuair Eoghan bás i mbláth a óige in 1939, thóg a dheirfiúr Áine stiúradh na nAisteoirí ar lámh.
Na Caogaidí
Ba iad na caogaidí blianta órga Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Bhuaigh siad Craobh an Oireachtais in 1952, in 1954 agus in 1955. Faoin bhliain 1955, bhí 25 chorn buaite acu. D’ardaigh siad a seolta in 1954 agus in 1957 agus léirigh siad a gcuid drámaí i nGlaschú do na mílte imirceach Éireannach.
I measc na ndrámaí a léirigh siad sa tréimhse sin, bhí Muiris Ó hAirt, An tEarrach, Aintín Shéarlais, Oíche Fhéile Mhíchíl agus Neart na Córa. Scríobh Pádraig Mac Pháidín, cathaoirleach Chonradh na Gaeilge sa Bhreatain, an méid seo a leanas sa Derry People: “In two nights, you did what some of us have being trying vainly to do for years — you brought together hundreds and hundreds of Irish Gaelic speakers in the city.”
Bhí an Taoiseach John A Costello i láthair nuair a léirigh siad Neart na Córa (The Righteous are Bold le Frank Carney) i Halla an Ard-Easpaig Uí Bhroinn i mBaile Átha Cliath ar an 30 Deireadh Fómhair 1955.
Amharclann Ghaoth Dobhair, 1961
Cuireadh tús le feachtas i dtús na gcaogaidí le hionad dá gcuid féin a fháil do na hAisteoirí.
Bhí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (Donncha Ó Laoire go háirithe) agus Gael Linn (a bunaíodh in 1953) ag cur brú mór ar rialtais na gcaogaidí le deontas a cheadú.
Ag moltóireacht dó ag Feis Bhéal Átha Seanaidh in 1955, dúirt Tomás Mac Anna, léiritheoir de chuid Amharclann na Mainistreach, an méid seo agus é ag tagairt do An tEarrach: “Má rinne siad léiriú mar seo gan halla ar bith acu, caidé a thig leo a dhéanamh nuair a bheas amharclann acu?”
Scríobh Máirtín Ó Cadhain san Irish Times ar an 22 Meitheamh 1955: “Iadsan Aisteoirí na Gaeltachta — oasis i lár fhásach drámaíochta na Gaeilge.”
Faoi dheireadh, tháinig an dea-scéala.
Scríobhlla Bhríde ina dialann: Áine Nic Giol “Fuair muid scéala óPha O’Donnell TD go mbeadh £12,000 deontas le fáil ón rialtas, 80% de chostaisí, ach muid féin £3,000 a chur sa chiste.”
Cuireadh tús le ciste na hAmharclainne. Chomh maith le bheith ag brath ar shíntiúis ó ‘churaidh na cúise agus ár gcairde go léir’, rinne na hAisteoiriad féin 206 léiriú ó cheann ceann na tíre le hairgead a chruinniú don chiste.
Ar an 3 Meán Fómhair 1961, rinne Siobmharclann hán McKenna an Amúr a chosain £21,000 a oscailt go hoifigiúil. Ba é Cor na Cinniúna, dráma fada nua-scríofa le
hÁine Nic Giolla Bhríde, an chéad dráma a léiríodh san Amharclann úr, agus tugadh go Baile Átha Cliath agus go Béal Feirste ina dhiaidh sin é.
Na Geamaireachtaí
Le hoscailt na hAmharclainne, thosaigh an dara ré órga i stair na nAisteoirí, ré na ngeamaireachtaí. Léiríodh ocht ngeamaireacht a bhí fréamhaithe go daingean i dtraidisiún staire, seanchais agus amhránaíochta na Gaeltachta idir 1962 agus 1973.
Mheall siad na sluaite: “4,000 patrons can’t be wrong. That’s around the number who came to see the pantomime in the new Gaelic Theatre in Gweedore, which came to a brilliant finale on Sunday night,” a dúirt an Derry People.
Ba ar ardán na ngeamaireachtaí a chuala agus a chonaic an pobal den chéad uair Eithne ‘Enya’ Ní Bhraonáin, Máire, Ciarán agus Pól Ó Braonáin, Noel agus Pádraig Ó Dúgáin as Clannad; Mairéad Ní Mhaonaigh as Altan agus cuid de na Casaidigh. D’fhág na geamaireachtaí seo — a scríobh agus a léirigh Áine Nic Giolla Bhríde, Tomás Mac Giolla Bhríghde agus Proinsias Ó Maonaigh — a lorg go smior ar ghlúin na seascaidí, mar a d’fhág na drámaí breátha eile a chuir siad ar an ardán – An Pháirc, Sábha agus Bliain an tSiúlóra (John B. Keane); Ar Thóir m’Anama (Brian Friel); An Casán Garbh; Rún an Oileáin; An Strainséar Dubh; Na Trioblóidí, agus go leor eile.
Pearsa Thír Chonaill, 1982
Lean Áine Nic Giolla Bhríde ar aghaidh ag stiúradh na nAisteoirí go 1981 — leathchéad bliain mar aisteoir, mar léiritheoir, mar stiúrthóir. Fuair sí aitheantas as a saothar nuair a roghnaigh Cumann Thír Chonaill i mBaile Átha Cliath í mar Phearsa Thír Chonaill, 1982, an chéad bhean ar bronnadh an onóir sin uirthi.
Scríobh an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich é seo: “Dar liom nach bhfuil éinne beo is mó a bhfuil an onóir seo tuillte aige nó aici.”
Ba é Tomás Mac Giolla Bhríghde a bhí i mbun obair na hAmharclainne agus na nAisteoirí a stiúradh ó 1981 go dtí go bhfuair sé bás i mí na Nollag 2013.
Léiritheoir den scoth a bhí ann a thug dea-oiliúint do na céadta aisteoir, cuid acu a bhí agus atá i mbun aisteoireachta ar TG4.
Ba é a chum agus a léirigh Shoilsigh Solas sa Dorchadas, a insint féin ar scéal Pháis Íosa Críost a léiríodh i dtrátha na Cásca in 1986, 1987, 1998 agus 2007. Ba thaispeántas é a chuaigh i bhfeidhm go mór ar na mílte a chonaic é. An lá inniu
Chuaigh an Amharclann i léig mar fhoirgneamh agus mar ionad drámaíochta le himeacht na mblianta.
Bhí an foirgneamh dúnta ar feadh deich mbliana. Rinneadh athchóiriú uirthi le gairid a bhuí le deontas €485,000 ó Roinn na Gaeltachta.
Ba é an tAire Stáit Joe Mc Hugh TD a rinne í a athoscailt go hoifigiúil ar an 24 Márta i mbliana. Is amharclann bhreá nua-aimseartha anois í agus bialann mar chuid di.
Tá borradh arís faoi Aisteoirí Ghaoth Dobhair le tamall agus dráma fada léirithe acu gach bliain ó 2014:
n 2014: Solas Dearg le hAntaine Ó Flaithearta n 2015: Moll le John B Keane n 2016: Le Bánú an Lae le Tomás Mac Giolla Bhríghde n 2017: Sábha le John B Keane. Ina leabhar Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900–1970, cháin Pádraig Ó Siadhail Aisteoirí Ghaoth Dobhair go géar as “na haistriúcháin leamha ar dhrámaí den dara grád a léirigh siad” agus easpa bundrámaí Gaeilge.
Is fíor gur aistriúcháin ba mhó a chuir na hAisteoirí ar an ardán ach, bíodh sin mar atá, léirigh siad drámaí a bhí oiriúnach don lucht féachana ar a raibh siad ag freastal.
Agus tháinig an lucht féachana sin amach ina sluaite ar feadh na mblianta lena gcuid geamaireachtaí nua-chumtha agus a gcuid drámaí — a bhí i gcónaí ar ardchaighdeán — a fheiceáil. Thuill siad clú agus cáil ní hamháin i dTír Chonaill ach ar fud na tíre. Go maire siad!