Irish Independent - Seachtain

Ag dúil le hathrú

- GRÁINNE McELWAIN

Iontas na n-iontas a deirtear ach ba chóir go mbeadh cluiche peile iomaíoch i gCúige Laighean againn san oíche Dé Sathairn seo. I dTulach Mhór, imreoidh an Mhí agus Cill Dara in aghaidh a chéile i gcluiche leathchean­nais Laighean. Mothaítear go mbeidh Áth Cliath ró-láidir do na buaiteoirí seo ach an bhfuil rudaí ag athrú sa chúige?

Sheas gluaiseach­taí ionsaithea­cha amach sa chluiche idir an Mhí agus Lú coicís ó shin agus go háirithe an taispeánta­s ó Graham Reilly (thíos) a d’aimsigh 0-7 ar an lá. Ach thochail an Mhí go leor spáis amach dóibh féin rud nach dtarlóidh Dé Sathairn. Fosta, ghéill an Mhí cúpla cúl bog, rud a chruthaigh tromluí ceart do Paddy O’Rourke agus arís beidh orthu a bheith níos cliniciúla in aghaidh Chill Dara. D’aimsigh na Lilywhites 1-21 ó 13 imreoir dhifriúla in aghaidh Laoise gan Ben McCormack agus Neil Flynn a bhí gortaithe agus go leor cainte fúthu roimh an chluiche.

Stró

Dé Domhnaigh, is iad Tír Eoghain agus Dún na nGall i mbabhta leathchean­nais Uladh a mbeidh aird ag daoine air. Seo athimirt ó chluiche ceannais Uladh anuraidh a bhuaigh Tír Eoghain 0-13 le 0-11.

Ní raibh mórán stró ar ceachtar foireann teacht chomh fada leis an bhabhta leathchean­nais i mbliana ach dea-scéal do Thír Eoghain ná go bhfuil Justin McMahon agus Cathal McCarron ar ais ó ghortú agus ar fáil don chluiche seo. Ní bheidh Ronan McNabb ann, áfach, de bharr gortú rúitín. Níl mórán cluinste ó champa Dhún na nGall, le ráflaí ann go bhfuil gortú láimhe ag cur as don chosantóir Paul Brennan, ach achan duine eile i mbarr a sláinte. Ó dheas feicfear Corcaigh agus Port Láirge in éadan a chéile i mbabhta leathchean­nais iomána na Mumhan. Níor imir Port Láirge chomh maith sin le linn na sraithe. Rinneadh go leor chun fanacht i Roinn a hAon ach cé go raibh siad deich gcúilín chun tosaigh ar Ghaillimh ag pointe áirithe i mbabhta ceathrú ceannais na sraithe, thit an tóin uilig as a dúshlán agus beidh le feiceáil an taispeánta­s aon uaire é sin nó an bhfuil níos mó deacrachta­í acu ná sin. Ní raibh mórán ag dúil go mbeadh Corcaigh i Staid Semple in áit Thiobraid Árann a chuir smacht ar sheaimpíní na hÉireann cúpla seachtain ó shin. Roghnaigh Kieran Kingston foireann óg ach an dúshlán atá amach rompu anois ná an dara taispeánta­s dochreidte a chur chun páirce.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland