Irish Independent - Seachtain

Ar mo thaisteal dom arís...

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Chaitheas dhá lá i dTuar Mhic Éadaigh i gContae Mhaigh Eo le linn dheireadh seachtaine na Cincíse. Is ann a reáchtálad­h Comórtas Peile na Gaeltachta, ócáid a bhíonn taitneamha­ch agus fíorspéisi­úil i gcónaí cuma cén t-ionad scairte ina lonnaítear é.

Scéal truamhéala­ch is túisce a chuala tar éis an baile a shroisint maidin Dhomhnaigh, scéal faoi dhrochthim­pist bhóthair a tharla go luath an mhaidin sin. Bhí triúr go luath ina bhfichidí go raibh baint acu leis an gcomórtas sa timpist agus tháinig an bás chuig beirt agus fágadh an tríú duine go dona tinn san ospidéal de bharr an mhí-áidh.

Ar uairibh mar sin is ar éigean go mbíonn brí ná éifeacht le focail ach bhí sé thar a bheith lánsoiléir gur boichte gach n-aon a bhí sa cheantar nó a chuala an scéal.

Suaimhneas síoraí don dís a fuair bás, go dtuga cabhair Dé biseach don té atá gortaithe agus sólás do ghaolta agus cairde na marbh.

In ainneoin go raibh sé le mothú le linn na gcluichí go raibh scamall an bhróin ar foluain os cionn an chomhluada­ir a bhí fairsing, bhí ana-chomórtas ann. Tá moladh ar leith tuillte ag na himreoirí uilig a chuir a seacht ndícheall san imirt i sprid an chomórtais.

Mar aon leis an gclub áitiúil go raibh áiseanna den scoth curtha ar fáil acu agus fáilte Uí Cheallaigh réidh do chách.

Nuair bhí deireadh le clár an deiridh seachtaine bhí Corn na Sóisear gafa ag foireann chumasach ó Dhún na nGall, Naomh Náille.

Foireann lúfar, óg, spleodrach ó Chiarraí, Gaeltacht Iarthar Dhuibhneac­h, a bhain Corn na Sinsear. Comhghaird­eachas leo.

Thugas m’aghaidh ar Pháirc Chíosóg in Inis ar an nDomhnach seo caite, áis imeartha bhreá ina raibh peileadóir­í Chiarraí agus an Chláir ag spairn in iarracht ar ionad a ghnóthú i gcluiche ceannais na Mumhan.

Tá ana-chreidiúnt ag dul dos na Cláirínigh as ucht a ndea-imeartha sa chéad leath. Más ea scéal eile a bhí ann sa dara leath, faobhar agus éifeacht le dearcadh na gCiarraíoc­h ach thar aon ní eile an fhilíocht imeartha a bhain le mórán d’ionchur Shéamuis Uí Dhonnchadh­a.

Seo chugainn go luath eagrán nua-aimseartha den iomaíocht a bhaineann le cluichí ceannais peile na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh. Is deacair léamh a dhéanamh ar stádas peile Chorcaí faoi láthair. Ba gheall iad le daoine a bhí in aineolas i leith a gcumais féin sa chéad leath de chluiche leathchean­nais na Mumhan in aghaidh Thiobraid Árann.

Ach ba léir go raibh claochlú iomlán tagtha orthu sa dara leath. Is deacair é thuiscint agus níl de mhíniú agam air ná gur seoladh in aigne iad go dtí Tír na nIontas le linn an tsosa. B’fhéidir gur ann a tharla an mhíorúilt.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland