An Taoiseach, mise agus an Ghaeilge
Labhraíonn an tAire úr Stáit ar a bhfuil freagracht as an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin Gaeltachta Joe McHugh le Seachtain faoi na pleananna atá aige
D’iarr an Taoiseach Leo Varadkar ar an Aire úr Gaeltachta Joe McHugh an grá agus an tiomantas atá aige don Ghaeilge a thabhairt go dtí Bord an Rialtais, a tugadh le fios an tseachtain seo. Agus in agallamh cuimsitheach le Seachtain, nochtann McHugh go bhfuil an Taoiseach féin spreagtha faoin teanga a chur chun cinn. Dúirt McHugh: “Dúirt an Taoiseach liom, agus é do mo cheapadh mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, go raibh suim mhór aige sa teanga agus gur theastaigh uaidh go mbeadh sí caomhnaithe agus curtha chun cinn ar fud an oileáin agus thar lear.
Spiorad
“Ba mhaith liom a cheapadh go mbeinn in ann an ról sin a chomhlíonadh dó sna blianta amach romhainn.
“Sílim go bhfaca an Taoiseach an tiomantas a bhí ionam an Ghaeilge a fhoghlaim ó ceapadh mé mar Aire Stáit na Gaeltachta an chéad uair agus go raibh sé ag iarraidh orm cuid den tiomantas agus an spiorad sin, chomh maith le mo ghrá don teanga, a thabhairt go dtí Bord an Rialtais.”
Agus dúirt McHugh go bhfuil breis airgid curtha ar fáil don teanga agus do Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.
“Dar ndóigh, agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 mar bhunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an Ghaeilge, is príomhthosaíocht dom é leanúint lena cur i bhfeidhm.
“Chuige sin, tá Plean Gníomhaíochta 2017-2022 á ullmhú ag mo Roinnse i láthair na huaire agus déanfaidh mé cinnte de go ndéanfar é seo a chur i gcrích agus a fheidhmiú gan mhoill.
“Ainneoin na gcúinsí deacra airgeadais ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu ag feidhmiú ó foilsíodh an Straitéis, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm.
“Go deimhin aithním go bhfuil éacht déanta leis an mhéid den Straitéis atá bainte amach sa chéad sé bliana dá saolré.”
Agus dar leis go dtiocfadh leis an ‘turas’ a rinne sé féin le blianta beaga anuas leis an Ghaeilge a fhoghlaim a bheith ina chúis cheiliúrtha. “Cinnte, tá mo shaol athraithe ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge. Tugann an teanga tuiscint níos fearr duit ar stair na tíre, ar mhuintir na hÉireann agus ar an tírdhreach timpeall orainn.
“Don duine atá ag tosú amach ar an turas chéanna, mholfainn dóibh gan a bheith buartha faoi na botúin a dhéanann siad. Bíonn lucht na Gaeilge thar a bheith foighneach le foghlaimeoirí mar is breá leo a fheiceáil go bhfuil tú ag déanamh iarracht an teanga álainn atá againn a fhoghlaim.
“Is próiseas fada agus casta é ach, ag deireadh an lae, is fiú go mór é a dhéanamh ar mhaithe le tuiscint níos fearr a bheith agat ar a bhfuil timpeall ort in Éirinn.”
Tábhachtach
Ach dúirt sé fosta nach bhfuil sé sásta gur baineadh an focal ‘Gaeltacht’ dá roinn den chéad uair.
“Tá an plé maidir le hainm na Roinne fós ag dul ar aghaidh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeltacht luaite san ainm,” a dúirt sé. Agus dheimhnigh sé go bhfuil an rialtas ag tacú le hAcht na Gaeilge sa Tuaisceart.
“Is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas ag obair, agus go leanfaidh sé ag obair, le go gcuirfear dlús leis an tasc Acht Gaeilge a thabhairt isteach agus an Ghaeilge a fheabhsú, a chosaint agus a fhorbairt i dTuaisceart Éireann,” a dúirt sé.
Cén fáth do mheas gur iarr an Taoiseach Varadkar ort a theacht ar ais go Roinn na Gaeltachta? Sílim go bhfaca an Taoiseach an tiomantas a bhí ionam an Ghaeilge a fhoghlaim ó ceapadh mé mar Aire Stáit na Gaeltachta an chéad uair agus go raibh sé ag iarraidh orm cuid den tiomantas agus an spiorad sin, chomh maith le mo ghrá don teanga, a thabhairt go dtí Bord an Rialtais.
Cad é a bhí ar intinn an Taoisigh nuair a cheap sé mar Aire Gaeilge thú fosta? Dúirt an Taoiseach liom, agus é do mo cheapadh mar Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, go raibh suim mhór aige sa teanga agus gur theastaigh uaidh go mbeadh sí caomhnaithe agus curtha chun cinn ar fud an oileáin agus thar lear. Ba mhaith liom a cheapadh go mbeinn in ann an ról sin a chomhlíonadh dó sna blianta amach romhainn.
Cad é a ba mhaith leat a dhéanamh mar Aire agus don Ghaeilge? Dar ndóigh, agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 mar bhunchloch pholasaí an Rialtais maidir leis an Ghaeilge, is príomhthosaíocht dom é leanúint lena cur i bhfeidhm. Chuige sin, tá Plean Gníomhaíochta 2017-2022 á ullmhú ag mo Roinnse i láthair na huaire agus déanfaidh mé cinnte de go ndéanfar é sin a chur i gcrích agus a fheidhmiú gan mhoill.
Ar mhaithe leis seo a chinntiú, déanfaidh mé tacaíochtaí breise a lorg don obair a bhaineann leis ar an talamh chomh maith. Sampla de na rudaí atá ar intinn agam ina leith seo ná breis cúnaimh a thabhairt do na heagraíochtaí deonacha, freastal ar éilimh an 80 eagraíocht Gaeilge a cuireadh i dtoll a chéile roimh an olltoghchán deiridh agus an obair a chur i gcrích maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, na Líonraí Gaeilge, an Phleanáil Teanga sa Ghaeltacht, na Coláistí Samhraidh, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
An mbeidh tuilleadh maoinithe ann do thograí Gaeilge? Tá suim bhreise de €2.25m san iomlán curtha ar fáil i gCáinaisnéis 2017 do Chlár Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin na Roinne.
Is allúntas breise de €250,000 a bheidh ar fáil in 2017 do chur i bhfeidhm gnéithe áirithe den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ar a n-áirítear an córas pleanála teanga.
Cuirfidh an tsuim bhreise seo de €2.25m ar chumas na Roinne tuilleadh acmhainní a chur i dtreo na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, an próiseas pleanála teanga, na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta ar nós Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (a bhfuil ardú ceadaithe sa deontas cheana féin i mbliana) agus na grúpaí pobail atá á maoiniú ag Údarás na Gaeltachta.
Maidir le hÚdarás na Gaeltachta féin, bhí €1m breise i maoiniú caipitil aonuaire faighte mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe 2016.
Tá sé seo coinnithe don bhliain seo freisin, rud a chiallaíonn gurb é €6.687m an bhunlíne nua caipitil i gCáinaisnéis 2017 d’Údarás na Gaeltachta, €1m níos airde ná an bhunlíne i gCáinaisnéis 2016. Anuas air sin, cuireadh allúntas breise de €2.4m i gcaipiteal ar fáil don Údarás in 2016. Leanfaidh mise ag lorg maoiniú caipitil breise do mo Roinn, don Údarás agus d’Fhoras na Gaeilge sa tréimhse amach romhainn.
Cad is féidir a dhéanamh le titim daonra sna Gaeltachtaí a stopadh? San athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna ar Oideachas sa Ghaeltacht, deirtear go bhfuil cainteoirí Gaeilge tar éis a bpobail féin a fhágáil chun poist a lorg i gceantair uirbeacha de bharr cúinsí eacnamaíocha. Cuid mhór de na scoileanna sna ceantair Ghaeltachta tá siad beag go leor, go háirithe ag an mbunleibhéal.
Is léir ón bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbeidh scoil Ghaeltachta aitheanta mar scoil ina dtiomnaíonn an scoil gach ábhar scoile a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Is é seo an chéad phlean a d’eisigh an Stát ó bunaíodh é, a thugann aghaidh go sonrach ar na dúshláin atá roimh an chóras oideachais sa Ghaeltacht. Beidh an Roinn seo ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun ár gcion a dhéanamh sa chaoi is go mbeidh rath ar an pholasaí seo. Beidh cúig bliana ag scoileanna a roghnaíonn stádas mar scoil Ghaeltachta chun an stádas sin a bhaint amach.
Beidh fáil ag na scoileanna seo ar phacáistí d’acmhainní breise teagaisc agus eile ar bhealach céimnithe. Ar ndóigh beidh na scoileanna aitheanta gafa leis na pobail lena mbaineann siad i bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta, 2012.
Go bunúsach beidh na scoileanna lánpháirteach sa phróiseas pleanála teanga i ngach ceantar Gaeltachta rud a thaispeánann an tábhacht a bhaineann le scoileanna — agus leis na pobail lena mbaineann siad — a bheith ag obair go dlúth le chéile chun úsáid na Gaeilge a threisiú ar mhaithe leis an phobal sin.
Maidir le daonra na Gaeltachta ba mhaith liom a rá freisin gur cuireadh maoiniú breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta i mbliana a chuideoidh le poist a choinneáil ina gcliant-chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, is é mo thuiscint go bhfuil sé mar aidhm ag an Údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2017. Ní miste a lua chomh maith go bhfuil ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhfeidhmiú an Phlean Gnímh do Cheantair Thuaithe na hÉireann.
Cén úr a rachaidh Acht úr na Gaeilge tríd an Dáil? Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Seán Kyne as an tsárobair a rinne sé ar Chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 ar ghlac an Rialtas leo ag deireadh mhí Bealtaine.
Thug an Rialtas cead leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille.
Tá an obair sin ar bun anois, le mo chuid oifigeach ag obair i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne, na Ranna Stáit ábhartha agus na páirtithe leasmhara eile. Bheinn dóchasach go mbeadh an Bille nua ar chlár reachtaíochta an rialtais san fhómhar.
An bhfuil tú sásta nach bhfuil an Ghaeltacht mar ainm ar Roinn ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta in 1956? Tá an plé maidir le hainm na Roinne fós ag dul ar aghaidh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeltacht luaite san ainm.
An bhfuil go leor Gaeilgeoirí thart ort i do chuid oibre anois, agus do mheas an bhfuil go
leor Gaeilgeoirí sa Státseirbhís? Agus an bhfuil aon phlean agat an céatadán a ardú? Ar ndóigh, agus na cúraimí atá orm anois, tá an-chuid Gaeilgeoirí ag obair liom faoi láthair. Déantar an obair ar fad i Roinn na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Ní hamháin sin, ach is Gaeilgeoirí cuid mhaith d’ardbhainistíocht na Roinne chomh maith. Tuigim, áfach, nach mar sin atá i ngach Roinn Stáit ná sa tseirbhís phoiblí go ginearálta. Ba mhaith liom feabhas a chur ar sheirbhísí do phobal na Gaeilge agus sílim go bhfuil deis againn é sin a dhéanamh trí na leasuithe atá beartaithe sa Bhille Teanga. Tá mé ag súil go mór le feabhas a chur ar an chóras earcaíochta, mar tuigim an fiúntas a bheidh ann do phobal na Gaeilge.
D’fhoghlaim tú Gaeilge mar is ceart taobh istigh de chúpla bliain. Cad é mar a d’athraigh sin do shaol? An bhfuil saol níos fearr agat anois agus an Ghaeilge á labhairt agat? Agus cad é do theachtaireacht do dhaoine cosúil leatsa nach bhfuil mórán Gaeilge acu ach ar mhaith leo í a fhoghlaim? Cinnte, tá mo shaol athraithe ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge. Tugann an teanga tuiscint níos fearr duit ar stair na tíre, ar mhuintir na hÉireann agus ar an tírdhreach timpeall orainn.
Don duine atá ag tosú amach ar an turas chéanna, mholfainn dóibh gan a bheith buartha faoi na botúin a dhéanann siad. Bíonn lucht na Gaeilge thar a bheith foighneach le foghlaimeoirí mar is breá leo a fheiceáil go bhfuil tú ag déanamh iarracht an teanga álainn atá againn a fhoghlaim.
Is próiseas fada agus casta é ach, ag deireadh an lae, is fiú go mór é a dhéanamh ar mhaithe le tuiscint níos fearr a bheith agat ar a bhfuil timpeall ort in Éirinn. Tá borradh faoin Ghaeilge i measc an aosa óig, le Preab-Ghaeltachtaí agus féilte ar fud na tíre. An síleann tú go bhfuil todhchaí mhaith ann don teanga? Is léir go bhfuil an-obair á déanamh ag na heagraíochtaí agus grúpaí éagsúla Ghaeilge a bhaineann leis an aos óg.
Is breá liom an dea-thoil agus an dearcadh dearfach seo a fheiceáil i leith na teanga agus tugann sé an-dóchas dom go bhfuil todhchaí mhaith ann don Ghaeilge.
An síleann tú go bhfuil Straitéis 20 Bliain na Gaeilge á comhlíonadh mar is ceart go fóill? Ainneoin na gcúinsí deacra airgeadais ina raibh gníomhaireachtaí na Gaeilge, idir mo Roinn féin, Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus na heagraíochtaí éagsúla atá á maoiniú acu ag feidhmiú ó foilsíodh an Straitéis, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm. Go deimhin aithním go bhfuil éacht déanta leis an mhéid den Straitéis atá bainte amach sa chéad sé bliana dá saolré.
Maidir le staid reatha na Straitéise, is mian liom a threisiú go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an mhéid atá bainte amach cheana féin faoi na naoi réimse éagsúla den Straitéis, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
• Tá Polasaí don Oideachas Gaeltachta foilsithe agus á chur i bhfeidhm;
• Tá Straitéis Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta á cur i bhfeidhm;
• Tá Acht na Gaeltachta, 2012 achtaithe agus á chur i bhfeidhm. Faoin acht sin tá an Próiseas Pleanála Teanga, atá ag imirt páirt lárnach i gcur i bhfeidhm córasach na straitéise, faoi lán seoil. Go deimhin, tá €850,000 curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge i mbliana chun cur ar a gcumas an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn;
• Tá athbhreithniú déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ghlac an Rialtas le Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 le gairid agus tugadh cead an Bille a dhréachtú;
• Tá cinneadh déanta deireadh á chur leis an mhaolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach in 2021; agus,
• Tá Plean Gaeilge agus Gníomh Digiteach RTÉ á chur i bhfeidhm.
Sin ráite, d’eagraigh an Roinn, a bhí faoi mo chúram ag an am, díospóireacht oscailte faoin Straitéis i mí na Nollag 2015 ar mhaithe le breathnú siar ar an mhéid a bhí déanta go dtí sin maidir lena cur i bhfeidhm, chomh maith le breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí ina leith don chúig bliana amach romhainn.
Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte sin tá plean gníomhaíochta don tréimhse 2017-2022, ina mbeidh spriocanna sonracha agus amscálaí ina leith, á chur i dtoll a chéile ag mo Roinn faoi láthair. Cé nach bhfuil sprioc shonrach socraithe go fóill táim dóchasach go mbeidh an plean gníomhaíochta sin á fhoilsiú roimh dheireadh an tsamhraidh.
An bhfuil tú sásta leis an gcaoi a ndéantar an Ghaeilge a theagasc sna scoileanna? Is ábhar é seo ar ndóigh atá faoi chúram na Roinne Oideachais. Is fiú a lua — i gcomhthéacs ullmhúchán plean gníomhaíochta d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse 2017-2022 — go bhfuil plé ar bun i gcomhar leis an Roinn Oideachais ar roinnt bearta praiticiúla a aontú le cur san áireamh sa phlean sin mar a bhaineann sé leis an Ghaeilge sa chóras oideachais. Ní call a rá chomh maith go leanfaidh mo Roinn ag obair chun cuidiú mar is cuí leis an Roinn Oideachais maidir le feidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, a bhfuil mar chuspóir lárnach aige an Ghaeilge a threisiú sa chóras oideachais Gaeltachta. Le feidhmiú an Pholasaí sin agus an phróisis pleanála teanga araon, tá céimeanna suntasacha glactha agus beartaithe ag mo Roinn féin agus ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi seach chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain mar a bhaineann sé leis an Ghaeltacht.
Maidir leis an Tuaisceart, an bhfuil tú ag tacú le hAcht Teanga ansin, agus an bhfuil aon rud a dtig le Gaeil an Deiscirt a dhéanamh leis sin a chur chun cinn? Aithnítear i gComhaontú Aoine an Chéasta agus sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 go bhfuil an Ghaeilge mar chuid de chultúr agus d’oidhreacht Thuaisceart Éireann. I gComhaontú Chill Rimhinn gheall Rialtas na Breataine go reachtófaí Acht Gaeilge. Ó athbhunaíodh na hinstitiúidí ó thuaidh in 2007, is saincheist chineachta í seo d’Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann.
Is féidir liom a rá go bhfuil an Rialtas ag obair, agus go leanfaidh sé ag obair, le go gcuirfear dlús leis an tasc Acht Gaeilge a thabhairt isteach agus an Ghaeilge a fheabhsú, a chosaint agus a fhorbairt i dTuaisceart Éireann.
“Maidir le staid reatha na Straitéise, is mian liom a threisiú go bhfuil mé thar a bheith sásta leis an mhéid atá bainte amach cheana féin”