Irish Independent - Seachtain

UAIR NA CINNIÚNA DO MHUINTIR ROS COMÁIN

- GRÁINNE McELWAIN

Athimirt de chluiche ceannais peile Chonnacht ó anuraidh a bheidh againn Dé Domhnaigh le Gaillimh agus Ros Comáin ag casadh lena chéile i bPáirc an Phiarsaigh.

Ba mhór an bhliain a bhí ag Ros Comáin in 2016. Fuair siad an lámh in uachtar ar Chiarraí, Corcaigh agus Dún na nGall i gcluichí Roinn a hAon sa tsraith sular stop Ciarraí a sodar sa chluiche leathchean­nais.

Comharthaí maithe dóibh le teacht na craoibhe agus d’éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais Chonnacht tar éis bua ach ar éigean ar Nua-Eabhrac agus Sligeach.

In olcas

Chothromai­gh Donie Smith (thall ar dheis) an chéad chluiche le cúilín deireanach do Ros Comáin ach rinne Gaillimh smíste den fhreasúra san athimirt, ag buachaint 3-16 le 0-14.

Chaill Ros Comáin in éadan an Chláir sna babhtaí cáilithe seachtain ina dhiaidh sin agus b’in sin mar a déarfá. Idir an dá linn, tá an scéal ann go bhfuil rudaí ag dul in olcas dóibh.

Sheas Fergal O’Donnell, a bhí mar chomh bhainisteo­ir le Kevin McStay (thuas ), siar ag tú sna bliana agus shocraigh McStay foireann úr a atógáil bunaithe ar an fhoireann fé 21 a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann in 2014.

Cé go raibh ráflaí ann go raibh easaontas sa champa, an raibh a leithéid i gceist? D’fhág imreoirí an painéal mar nach raibh siad ábalta an gealltanas a thabhairt, roinnt acu mar gheall ar chúiseanna pearsanta.

Leithéidí Chathail Cregg, mar shampla, atá ró-ghnóthach le tráchtas PhD. Ach leanann na ráflaí ar aghaidh agus ní stopfar iad go dtí go mbeidh corn buaite ag na Rossies, ar ndóigh.

Níl éinne ag tabhairt seans dóibh in aghaidh foirne a bhuaigh Comórtas na Sraithe i Roinn a Dó i mbliana agus ardú céime bainte amach acu go Roinn a hAon. Bhuaigh siad in éadan Mhaigh Eo sa bhabhta leathchean­nais agus go leor ag maíomh gurbh é sin an cluiche ceannais ceart.

Taispeánta­s

Bhí Gaillimh faoi bhrú in aghaidh Mhaigh Eo a bhí ag imirt le 14 imreoir i dtreo dheireadh an chluiche ach beidh le feiceáil cén sórt taispeánta­is gur féidir le Ros Comáin ardú ina n-aghaidh. Luaigh Kevin McStay, bainisteoi­r Ros Comáin, “go bhfuil foighne de dhíth” ar mhuintir Ros Comáin agus chífidh muid cén sórt foighne agus dílseachta atá acu tar éis an toraidh Dé Domhnaigh.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland