Irish Independent - Seachtain

Splanc i dTulach Mhór... ealaín spéire i bPáirc an Chrócaigh!

-

Chaithfeá an cheist a chur — cad a bhí ar siúl ag Jim Gavin an tseachtain seo caite gan agallamh a dhéanamh le RTÉ? Táim ag cur na ceiste sin sa tslí is gur dóigh liom go bhfuil rud éigin eile taobh thiar dó, cúis síceolaíoc­hta b’fhéidir!

Fear ciúin é Jim Gavin (thíos) agus gach uair a bhíonn sé os comhair na meán tugann sé taispeánta­s glan, slachtmhar uaidh i gcónaí.

Cás Dhiarmada Connolly atá taobh thiar de seo is cosúil agus nuair a chuala é sin cheapas go raibh sé ait. Jim Gavin sáite i lár an scéala seo, tá rud éigin as ord agus ní ritheann sé seo de ghnách le haon fhear airm!

Ag teacht ar ais go Connolly, níl aon dabht ann ach nuair a bhíonn na bróga cearta ar an bhfear seo bíonn an fhoireann eile agus an lucht leanta ann lena lámha os comhair ár súl.

Mar is eol dúinn, ní bhíonn aon leisce air an liathróid a chaitheamh i dtreo an chúil ó 40 slat. Chomh maith leis sin is maith linn ar fad fear cruaidh ar an bpáirc.

Má bhíonn sé ar ár bhfoireann is breá linn é, má bhíonn sé ar an bhfoireann eile ní maith é, agus má bhíonn sé ag imirt le Bleá Cliath, bhuel, is fuath linn é, fuath spórtúil atá i gceist agam gan dabht!

Bhí an saol is a mháthair ag féachaint ar an méid a tharla sa chluiche idir Baile Átha Cliath agus Ceatharlac­h. Roimh an gcluiche bhí daoine ag caint ar an Dubs ag imirt taobh amuigh don gCeannáras i gCraobh Laighean, ina dhiaidh is é Connolly a bhí i mbéal na ndaoine agus an sonc a thug sé don bhfear taobhlíne.

Tá sé soiléir sna rialacha is cuma cad a tharlaíonn ní féidir é seo a dhéanamh. Bhí daoine ag rá gur fear marcáilte é Connolly agus b’fhéidir go bhfuil sé seo fíor. Is cuma faoi, mar níl cead in aon tslí an rud a dhein sé a dhéanamh agus sin sin!

An cheist atá agamsa ná canathaobh sa chluiche seo? Thuigfeá ‘b’fhéidir’ i gcluiche ceannais nó ar cheann dos na laethanta móra nó i gcluiche a bhí idir dhá cheann na meá, ach i gcluiche a bhí buaite acu ar an dtraein ag teacht anuas ní thuigim!

An t-aon rud a chím ná go dtógann an fear seo gach cluiche dáiríre agus más ea sin an chúis go ndein sé. Cad a dhein sé sa Tulach Mhór, sin scéal eile!

Teastaíonn uaim Connolly a fheiscint ar ais roimh dheireadh an tséasúir agus nuair a thagann sé níl aon dabht ann ach go mbeidh na cleití ardaithe ag na Dubs agus pé foireann atá rompu.

Má bhí splanc sa Tulach Mhór beidh ealaín spéire i bPáirc an Chró

caigh!

 ??  ?? Achrann: Diarmuid Connolly ag argóint leis an fhear taobhlíne
Achrann: Diarmuid Connolly ag argóint leis an fhear taobhlíne
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland