£150,000 ar fáil do scannáin Ghaeilge
Beidh tuilleadh scannán i nGaeilge mar gheall ar scéim úr maoinithe a seoladh an tseachtain seo.
Tháinig TG4, an BBC agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann le chéile don scéim darb ainm Amharc.
Tabharfaidh sé deis do dhéantóirí scannán léiriúcháin shuntasacha a chruthú, léiriúcháin a chuirfidh le saibhreas phríomhsceideal clár BBC sa Tuaisceart agus TG4 agus a thaispeánfar sna hamharclanna chomh maith.
Dúirt urlabhraí: “Cuirfear gach réimse ealaíne san áireamh. Tabharfar tús áite d’ábhair chomhaimseartha ach glacfar le haon chóiriú comhaimseartha ar shaothair stairiúla leis.
“Leagfar béim ar chóirithe agus ar scéalaíocht atá cruthaitheach nuálach agus a bhfuil cur chuige acu a mheallfaidh an lucht féachana is mó agus is féidir.”
Beidh pota £150,000 ann don chéad séasúr den scéim agus táthar ag súil le dhá thogra a mhaoiniú.
Ba cheart go mairfeadh na tionscadail 50-70 nóiméad ar fad agus go mbeadh buiséad £75,000 ar a mhéad acu. Mar sin féin, d’fhéadfadh go roghnófaí tograí a bhfuil uaillmhian agus plean airgeadais níos mó ná sin acu ach iad ag cur isteach ar fhoinsí eile airgid. Dúirt an t-urlabhraí: “Ní mór do na tionscadail a bheith i nGaeilge nó dátheangach, ba chóir dóibh a bheith ar HD agus ní mór fotheidil Bhéarla a bheith leo chomh maith.”
Táthar ag súil go seolfar na tionscadail ag taispeántais amharclainne sula gcraolfar iad ar TG4 agus ar BBC go luath in 2019.