Irish Independent - Seachtain

Laochra na Leon ar thairseach na staire

- GRÁINNE McELWAIN

Réidh don tríú ceann?

Níl mórán sa Nua-Shéalainn ag gáire faoi Warren Gatland anois tar éis an bua dochreidte a bhí ag na Leoin in aghaidh fhreasúra na tíre sa dara cluiche an tseachtain seo caite.

Cáineadh Gatland agus a chuid taicticí go géar, le go leor tráchtairí ag maíomh gur “fear grinn é”, ach mar a luaigh sé féin tar éis an toraidh stairiúil: “Is fear grinn sásta mé anois.”

Tábhacht

Ciallaíonn sé go bhfuil an-tábhacht sa choimhlint sa tríú cluiche Dé Sathairn agus iad ar ais san áit ar cuireadh tús leis i bPáirc Eden in Auckland. Bhuaigh na All Blacks an chéad chluiche, le cic éirice deireanach ó Owen Farrell ag tabhairt an bhua d’fhoireann na Leon 24-21 sa dara teist.

Is ar thairseach na staire atá na Leoin anois, go háirithe mar nach bhfuil siad tar éis an comórtas seo a bhaint ó 1971.

Cúpla statistic spéisiúil ná gurb é sin an chéad uair ó 2009 a chaill na All Blacks cluiche sa bhaile. Roimhe sin, bhí 46 chluiche as a chéile buaite acu.

Cé go raibh siad ag imirt le 14 imreoir ó cuireadh Sonny Bill Williams den pháirc sa chéad leath, chuir Seán O’Brien agus Sam Warburton ina luí tar éis an dara cluiche go gcaithfidh siad imirt níos fearr agus deireadh a chur leis na botúin. Bhronn siad 13 chic éirice ar na All Blacks agus bhí an t-ádh leo go raibh drochlá ag Beauden Barrett lena chiceanna éirice.

Mar sin, beidh arm mór na Leon in Auckland agus iad uilig ag súil go gcríochnói­dh siad an dea-obair. Mar a dúirt Seán O’Brien: “Sin an fáth a bhfuil muid anseo.” Ádh mór leo!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland