Irish Independent - Seachtain

An-tábhacht leis an uimhir 7

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Tá a fhios ag an saol Gaelach gur bunaíodh CLG sa bhliain 1884. Níl amhras ná go raibh meon forbartha ag na cinnirí tosaigh sa ghluaiseac­ht ach níor tharla aon mhór-chéim chun tosaigh go dtí 1887.

Sin é an uair gur glacadh le rún a mhol go gcuirfí tús le Craobhacha Uile-Éireann sa pheil agus san iomáint. Ba chróga an smaoineamh é ach níor spreag sé mórán suime i bhformhór des na contaetha. Ní raibh ach sé cinn páirteach i gcomórtais­í Uile-Éireann sa bhliain tosaigh úd ach nach bhfuil sé á rá le fada go mbíonn gach tosnú lag?

Luimneach a bhuaigh an chéad Chomórtas Uile-Éireann sa pheil agus b’in Craobh na bliana 1887, an ceann a bhronn gradam de shórt ar an uimhir 7 ó shin i leith.

Trí cinn déag de Chraobhach­a a reáchtálad­h i mblianta a chríochnaí­onn le ‘7’ go dtí seo agus is suimiúil mar atá an t-ord fiúntais i leith craobhacha a bhaint.

An iontas é go bhfuil Áth Cliath agus Ciarraí ar comhchéim ar bharr an liosta le trí chraobh an taobh — nach mór leath den iomlán?

Ghaibh na Bleá Cliathaigh pé curadhmhír a bhí ann ins na blianta 1897, 1907 agus 1977 agus b’amhlaidh le Ciarraí ins na blianta 1937, 1997 agus 2007. D’éirigh leis an Mhí faoi dhó (1967 agus ’87) agus seo a leanas an scaipeadh a bhí ar an gcúig cinn atá fágtha; Luimneach (1887), Loch Garman (1917), Cill Dara (1927, breithbhli­ain Chorn Sam Mhig Uidhir I), an Cabhán (1947) agus Lú (1957).

Tá leath de 2017 curtha di anois ag bliain na linne seo agus saineolait­he ar mire ag iarraidh nod nó dhó i leith chraobh peile na bliana stairiúla seo a nochtadh. D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireodh le hÁth Cliath nó Ciarraí an gaisce a dhéanamh ach botún mór a bheadh ann neamhaird a léiriú i leith na coda eile.

Is minic nasc le mí-ádh bheith ceangailte le Maigh Eo mar shampla. Ach an bhfuil mór-athrú tar éis teacht ar cuairt chucu le ceithre lá anuas?

Nach raibh an t-ádh dearg leo bheith fós sa tseilg do Chorn Sam in aghaidh Dhoire an Satharn seo caite, cluiche a chríochnai­gh ar comhscór? Ach féach mar a chuireadar chun oibre sa tréimhse breis-ama — sprid, sár-scileanna, lán de dhóchas, cíocrach chun coimhlinte.

Ba léir go raibh na Déithe ‘leo’ agus gur leasc leo iad a thréigint ar feadh tamall eile pé scéal é. Cad tá le déanamh ag fir Chonnacht anois ach fíormhuiní­n i réir Dé a chleachtad­h?

Cad faoi Thír Eoghain i nuabhliain a 7? Nach bhfuil nod bríomhar tugtha acu cheana féin? Coinnígí súil orthu agus ná deinigí dearmad ar na gaiscígh eile atá ag treabhadh leo go fóill.

Tá íocshláint­e ag baint le geiteanna a bhaineann searradh as daoine agus cá bhfios ná go bhfuil ceann mór ag bagairt.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland