An Ghaeltacht faoi bhrú ach an ardchathair ag déanamh dul chun cinn
an bochtanas agus an imirce — tá mo cheantar féin loite go hiomlán”, dúirt fear Ghort an Choirce i nDún na nGall.
“Tá’s agam go raibh an Ghaeilge an-láidir agus mise i mo pháiste agus go bhfuil sí tráite go mór ós na hochtóidí ar aghaidh.
“Tá an fhianaise le feiceáil sna figiúirí. Briseann sin mo chroí le fírinne.”
Mhol Ó Laoire go ndíreofaí as an nua ar an gceangal idir an rath eacnamaíochta agus an Ghaeilge chun dul i ngleic leis an gcúlú is déanaí ar labhairt na teanga agus an gcúlú comhthreomhar ar an ngeilleagar Gaeltachta.
Níos dóchasaí
Bhí léamh níos dóchasaí ag Ciarán Ó Feinnéadha, duine de bhunaitheoirí na nGael Óg i mBaile Átha Cliath, ar an ndaonáireamh.
“Chuir sé iontas orm ná raibh ardú níos mó ná 5% ar líon na gcainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath nó bím féin amuigh sa chathair agus tá níos mó Gaeilge le clos ar na sráideanna ná mar a bhíodh.”
Ceann de na tosca sa bhfás san ná go bhfuil go leor de mhuintir óg na Gaeltachta anois ag bogadh i dtreo Bhaile Átha Cliath agus fás dá réir ar na Gaeil Óga.
Faoi láthair tá trí fhoireann déag ag an gcumann CLG atá lonnaithe i Leamhcán ach imreoirí ann ó gach cearn den chathair agus ós go leor des na Gaeltachtaí chomh maith, iad sin atá aislonnaithe go dtí an phríomhchathair.
Creideann Séamus Mac Seáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Sheoighe i mBéal Feirste, go bhfuil bás nó athfhás na Gaeltachta ag brath ar spreagadh ón gcuid eile den tír.
“Tugaim chun cuimhne a ndúirt Máirtín Ó Cadhain liom i litir uair, nach le hUladh nó cúpla ceantar iargúlta an teanga ach leis an náisiún í — agus is mar teanga náisiúnta a chaithfear í a chaomhnú agus a thabhairt slán.”
Lean sé leis: “Má fhaigheann an Ghaeltacht spreagadh ón gcuid eile den tír, b’fhéidir ansan go dtabharfaidh sin misneach don phobal Gaeltachta in athuair.”