Muineachán ag dúil le seachtain sách crua
“Seachtain chrua amach romhainn agus muid ag iarraidh a bheith faoi lánseol don tseachtain seo chugainn,” a deir Malachy O’Rourke, bainisteoir Mhuineacháin, tar éis a mbua 1-26 le 1-16 ar an Dún i bPáirc an Chrócaigh sna babhtaí cáilithe.
Ciallaíonn sé go bhfuil áit sna babhtaí cáilithe aimsithe ag Muineachán den cheathrú huair le cúig bliana.
Casfaidh Muineachán le hÁth Cliath Dé Sathairn ag a sé a chlog ach mhol O’Rourke “go bhfuil obair dhochreidte le déanamh acu chun a bheith iomaíocht i gcoinne Átha Cliath atá mar rogha na n-údar craobh na hÉireann a bhaint”.
Fírinne
Cé chomh fada is atá Ard Mhacha tar éis a theacht ó chaill siad in adharca an Dúin i mbabhta ceathrú ceannais Uladh? Píosa fada agus insíonn na staitisticí an fhírinne.
Roimh an chluiche Dé Domhnaigh seo caite, d’éirigh le hArd Mhacha meánscór de 1-14 a fháil sna cluichí i gcoinne an Dúin, Fhear Manach, na hIarmhí agus Thiobraid Árann. Spreag siad a lucht leannta arís le bua 1-17 le 0-17 ar Chill Dara.
Luaigh roghnóir na foirne Paddy McKeever “go raibh siad iontach cliniciúil os comhair cúil” agus sheas cosaint Ard Mhacha amach. Níor ghéill siad ach dhá chúl le cúig chluiche anuas sa Chraobh.
Ach seo scrúdú mór rompu i gcoinne Thír Eoghain a bhfuil cosaint an-dian acu siúd agus a bhfuil an-trácht orthu go háirithe as a dtaispeántais in adharca Dhoire agus Dhún na nGall.
Dé Domhnaigh den tríú bliain as a chéile beidh Gaillimh agus Tiobraid Árann le chéile i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann. Bhuaigh Gaillimh orthu dhá bhliain ó shin le cúilín agus bhí an bhearna chéanna ann anuraidh, le Tiobraid Árann ag teacht amach chun cinn agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann ina dhiaidh sin.
Tuartar go mbeidh Gaillimh mar sheaimpíní na hÉireann i mbliana ach feicfimid cé chomh maith is atá siad.