Irish Independent - Seachtain

Lucht na meán sóisialta ag dul thar fóir le cáineadh pearsanta

-

Is minic a bhíonn na meáin shóisialta fé chaibidil ag na meáin shóisialta agus é go mór fé spotsolas na príomhmheá­n chomh maith. Agus is faoi ‘dhrochscát­h’ go minic a thagann sé faoin spotsolas — agus is ceart san.

Ar shlí bíonn na príomhmheá­in ag glanadh suas ina ndiaidh i gcónaí agus chaithfeá an cheist a chur canathaobh?

Ní le héinne na meáin shóisialta agus is linn ar fad iad. Is féidir le gach éinne dul ar aon cheann dos na suímh agus pé rud is maith leo a rá fé aon rud is maith leo agus ní théann freagracht leis, muna bhfuil mailís i gceist agus ansan caithfidh siad rud éigin a dhéanamh.

Taobh amuigh de sin is féidir do thuairim a thabhairt fé éinne agus aon rud! Is féidir é a dhéanamh chomh maith sa ghnáthshao­l, ach ní deintear é agus tá a fhios againn ar fad canathaobh.

Tá sé i bhfad níos fusa suí os comhair do ríomhaire agus tabhairt amach fé dhaoine — de ghnáth ní bheadh sé de mhisneach ag na daoine san aon rud a rá duine ar dhuine. Is seanscéal é san gan dabht!

Níl aon dabht ann ach go dtug na meáin shói- sialta guth do dhaoine nach raibh le cloisint cheana agus is breá leo é san — ní hamháin gur bhreá leo é tá siad ag ramhrú air ar chuma na muice!

Tháinig scéal amach an tseachtain seo caite go raibh Rory Gallagher (thíos) ag fágaint a phoist le peileadóir­í Dhún na nGall, agus bhí sé soiléir ós na meáin shóisialta nach raibh daoine sásta leis. Ní raibh cuid dos na tagairtí go deas — chun an fhírinne a rá bheadh an focal gránna ró-lag.

Bhíos ag éisteacht leis ar an raidió agus é ag rá nach bhfuil sé ar na meáin seo agus ní chuireann a leithéid isteach air agus is maith é san. Is dóigh linn ar fad uaireanta go bhfuil an saol mór ar na meáin seo, ach níl. Tagann na tuairimí láidre seo amach nuair a thagann sé go cúrsaí CLG, polaitíoch­ta agus mar sin dó agus tuigim go bhfuil tuairimíoc­ht láidir ag daoine ach tá slí chun é seo a dhéanamh.

Is cuma cad a bhíonn á dhéanamh ag na daoine seo ina saol poiblí, éiríonn sé pearsanta i gcónaí agus ní maith liom é san!

An fíorscéal fé seo ná dá mbeadh seoladh baile na ndaoine seo le feiscint ní bheadh a leath den ngránnacht seo ann agus níl a fhios agam canathaobh nach gcaithfear fiú cárta aitheantai­s de shórt éigin a chur ar fáil nuair a thosnaíonn daoine á n-úsaid. Ní foláir go bhfuil réiteach éigin dó nó an cuma leo?

Pé scéal é, muna n-athróidh rud éigin ní bheidh fágtha ach iad siúd a ramhraíonn!

 ??  ?? Fearg: Bíonn barraíocht daoine ag tabhairt amach faoi dhaoine eile agus iad ar an idirlíon
Fearg: Bíonn barraíocht daoine ag tabhairt amach faoi dhaoine eile agus iad ar an idirlíon
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland