Irish Independent - Seachtain

Aip na Seachtaine

-

Marinara Timer

Bíonn muid ar fad ciontach in amanna as bomaití luachmhara an lae a chur amú.

Is mó an tarraingt atá ag iontais an idirlín nuair ba cheart duit bonn maith a chur faoi aiste ollscoile nó tuairisc oibre.

Seans go bhfuil réiteach na faidhbe seo ag an Iodálach Francesco Cirillo, a d’fhorbair modh bainistith­e ama na teicníce Pomodoro! An t-am sin, bhí cloigín beag cistine — a raibh cuma an tráta air — in úsáid ag an mhac léinn dhíograise­ach Cirillo chun a chuid am staidéir a eagrú agus is as sin a tháinig an t-ainm ‘Pomodoro’ (an Iodáilis ar ‘tráta’).

An dóigh a n-oibríonn sé ná go mbristear uaireanta oibre an lae suas i dtréimhsí 25 bhomaite ar fad, le sosanna beaga cúig bhomaite agus 15 bhomaite idir eatarthu.

Is ionann Pomodoro amháin agus tréimhse 25 nóiméad amháin. Moltar díriú ar thasc amháin in aon Pomodoro agus plean oibre réalaíoch a leagan amach don lá ar an dóigh sin.

Tar éis duit críoch a chur le Pomodoro amháin, gan imeacht ar seachrán, faigheann tú duais bheag de cúig bhomaite sosa.

Nuair atá sin déanta agat faoi thrí — sé sin trí pomodoro agus trí shos as a chéile — tá sos 15 bhomaite tuillte agat.

Deir lucht Pomodoro gur fearr i bhfad seasamh suas agus imeacht ón deasc le linn na sosanna más féidir, fiú chun gloine uisce a fháil. Bainigí triail as!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland