Irish Independent - Seachtain

Díoltas de dhíth ar Phort Láirge

- GRÁINNE McELWAIN

“Tabharfaid­h muid aghaidh ar gach cluiche le plean difriúil,” a dúirt bainisteoi­r iomána Phort Láirge Derek McGrath tar éis an bhua a bhí acu i gcoinne Loch Garman sna babhtaí ceathrú ceannais.

Beidh sé thar a bheith spéisiúil cén plean a thiocfas chun páirce Dé Domhnaigh nuair a chasfaidh siad le Corcaigh den dara huair sa chraobh, an uair seo i gcluiche leathchean­nais na hÉireann.

Taicticí

Chaill na Déise i gcoinne Chorcaí i gcluiche leathchean­nais na Mumhan i mí an Mheithimh.

Níor imir siad go maith ar an lá agus cáineadh na taicticí, go háirithe le Austin Gleeson píosa fada ó chúl, rud nach dóigh liom go bhfeicfear arís.

Ach buille mór dóibh nach bhfuil Tadhg de Búrca ar fáil tar éis gur bronnadh cárta Cluiche Leathchean­nais Iomána na hÉireann Corcaigh v Phort Láirge, Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh @15.30 dearg air cúig bhomaite roimh an fheadóg dheireanac­h in éadan Loch Garman. Is é scuabadóir na foirne agus an naoscaire sa chosaint é agus beidh neart athruithe le déanamh ar an chóras chun imirt gan é.

Is iad Corcaigh scéal na craoibhe go dtí seo as an tslí go bhfuil siad tar éis an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann, Port Láirge agus an Clár chun Craobh na Mumhan a thochailt amach.

Foireann óg atá ag Corcaigh le heaspa taithí ag an gcuid is mó de na himreoirí ar imirt i bPáirc an Chrócaigh. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh aige sin, agus ag an bhriseadh míosa ó d’imir siad, orthu Dé Domhnaigh.

Dea-scéal dóibh ná go bhfuil Luke Meade ar fáil tar éis méar bhriste. Mhothaigh Port Láirge gur lig siad féin síos i gCúige Mumhan le deis acu anois díoltas a bhaint amach.

 ??  ?? In adharca a chéile: Tá Luke Meade ar ais tar éis méar bhriste agus, ar dheis, Austin Gleeson Phort Láirge
In adharca a chéile: Tá Luke Meade ar ais tar éis méar bhriste agus, ar dheis, Austin Gleeson Phort Láirge
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland