Irish Independent - Seachtain

Rory agus Harry ar lorg a chéad bhua le chéile...

-

Tarraingeo­idh na himreoirí gailf is fearr ar domhan timpeall Quail Hallow in North Carolina ó amárach ar aghaidh chun páirt a ghlacadh i gcomórtais deiridh na Máistrí i mbliana, an US PGA.

Den chéad uair le fada, clúdach teilifíse saorchraol­ta a bheidh i gceist leis an BBC ag buachan na gceart ó Sky Sports. Mar sin, tugtar deis do na milliúin breathnú ar an chluiche in Éirinn agus Sasana.

Ní den chéad uair a bheidh Rory McIlroy faoi ghrinnscrú­dú, go háirithe an tseachtain seo as an mhéid atá tar éis tarlú dó taobh amuigh den ghalfchúrs­a.

Chríochnai­gh McIlroy sa cheathrú háit ag Comórtas Oscailte Shasana agus cé gur d’admhaigh sé go bhfuil a chluiche ag feabhsú, fuair sé réidh lena ghiolla JP Fitzgerald tar éis naoi mbliana go luath ina dhiaidh sin.

Is é a chara is fearr Harry Diamond a bheidh leis amárach le seans go mbeidh socrú fadtéarmac­h i gceist má éiríonn go geal leo.

D’éirigh le McIlroy an US PGA a bhaint in 2012 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin ag Valhalla agus tá taithí aige ar imirt in Quail Hallow.

Bhuaigh sé comórtais ansin in 2010 agus 2015 agus tá curiarrach­t 61 aimsithe aige ann, an uimhir ab airde riamh ar an chúrsa.

Tá roinnt athruithe ar an chúrsa ó shin ach d’aontaigh McIlroy go n-imríonn sé go maith ann agus “is breá liom a bheith ag imirt gailf ag an chúrsa seo.”

Níl aon leithscéal eile ag McIlroy anois as a shéasúr a bhí thuas seal thíos seal go dtí seo agus beidh go leor — é féin ina measc — ag súil go dtiocfaidh a dhea-fhoirm ar ais chuige an tseachtain seo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland