Irish Independent - Seachtain

Trí lá i bPáirc an Chrócaigh

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Bhíomar ag tnúth go mór leis an deireadh seachtaine seo thart ó thús na seachtaine roimh ré. Bhí clár den scoth leagtha amach do ghach aon lá den dtríonóid agus ní raibh iontas ar mhórán nuair bhí saineolait­he ar thinreamh den dtuairim go mbeadh iomlán na dtinreamh ag tarrach ar 200,000.

Bhí an áit lán go doras ar an Satharn, go leor acu ag baint le lucht leanta Átha Cliath.

Más ea bhí tús ainnis ag an bhféile agus go bhfios dom ní rabhas riamh i láthair ag ócáid spóirt sa pháirc stairiúil a bhí chomh leamh le cluichí an tSathairn úd.

Sa chéad chluiche bhí Tír Eoghain agus Ard Mhacha sa choimhlint i gcluiche ceathrú ceannais na craoibhe. Bhí a lán daoine ag súil le taispeánta­s maith ó Ard Mhacha. Ach faraoir dhein foireann iontach ó Thír Eoghain spior spear díobh san imirt.

Is leor a rá ag an bpointe seo go bhfuil sárfhoirea­nn ag curaidh Uladh. Ní raibh locht orthu faoin ndíomá a bhí ar dhaoine toisc nach aon sásamh le baint as ag mórán dá raibh i láthair.

Freastalaí­onn daoine ar chluichí chun coimhlint d’fheiscint ach ní raibh rian de ann. Tá locht ar na riala- cha imeartha mar atá siad sa mhéid go gceadaítea­r ciceanna gairide ón gcúl amach tar éis scór nó ciceanna a théann ar bhóiléagar. Dá mba rud é go raibh riail i bhfeidhm go gcaithfead­h gach cic amach dul thar an líne 45 méadar bheadh coimhlint de shórt amháin ann ach go háirithe — coimhlint le seilbh d’fháil ar pheil san aer.

Tá san ar cheann de scileanna na peile is ansa le lucht freastail leis na cianta ach tá sé á thachtadh ag riail a cheadaíonn ciceanna amach de chúpla méadar. Scéal den bpór céanna a bhí sa dara chluiche — Áth Cliath in aghaidh Mhuineachá­in, foireann go raibh meas orthu ina lán áiteanna.

Mar a deirtear ar uairibh ‘ní mar síltear bítear’ agus gan mórán allais a shileadh bhí bua éasca ag na curaidh.

Abhuí le Dia iomáint a bhí againn ar an Domhnach, Curaidh Uile-Éireann Tio- braid Árann i gcoimhlint le Curaidh na Sraithe, an Ghaillimh.

Bhí tarrach ar 70,000 i láthair agus is cinnte go bhfuairead­ar uilig luach a gcuid airgid agus ús fíochmhar ard ina theannta.

Ó thús go deireadh, go háirithe sa dara leath bhí géire san imirt, bhí sé fearúil, cróga, gasta, dícheallac­h agus ní raibh ganntanas de chosantóir­í ná tosaithe fiúntacha. Is fada ó chualathas oiread liúnna, gártha molta go leanúnach, bualadh bos agus osnaíocht ó phobal an lae a bhí faoi gheasa.

Ní raibh ach cúilín eatarthu nuair séideadh an fheadóg dheiridh, gob na gConnachta­ch chun tosaigh agus é tuillte acu. Molaimis an dá fhoireann.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland