Irish Independent - Seachtain

Tá bliain mhór éisc ag CLG!

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Is fada an lá ó luaigh an tOileánach Tomás Ó Criomhthai­n gur bliain mhór éisc a bhí ann an bhliain a phós sé féin. Thuig gach éinne cad a bhí i gceist mar bhíodh tionchar ag an iasc ar gheilleaga­r in áiteacha cois cósta ina mbíodh iascairí.

Dá bharr, bliain mhaith a bhí ann aon bhliain go raibh tarrach ar an iasc. Ní raibh baint dá laghad ag an ráiteas le rómánsaíoc­ht ná aon nidh eile dá laghad leis an scéal.

Bhí éileamh ar iasc na hÉireann in iliomad áiteacha agus is cuimhin liomsa an Daingean bheith lán de chairteach­a capaill ag iompar éisc isteach ó Iarthar Duibhneach chun cur le táirge iascairí an Daingin le seoladh thar lear siar i mbairillí lán de mhaicréil agus ‘Picards’ scríofa ar ghach bairrille. Ní hionadh na seanbhairi­llí bheith le fáil ar fud Mheiriceá, fiú i ndoimhne an Grand Canyon.

Sea, bhí tionscadal an éisc folláin ag an am agus ar bhealaí ba gheall é leis an ór féin.

Nach ionann é leis an anaithe airgid atá á shaothrú ag CLG de bharr na breis-suime atá ag an bpobal ins na cluichí i mbliana. Go maire sé i bhfad mar ní comhlachta­í ná aonaránaig­h a bhainfidh tairbhe as ach ‘pobail’ ar fud na tíre.

Is minic go raibh tagairtí ó thús séasúr peile agus iomána Chumann Lúthchleas Gael go raibh méadú ar an dtinreamh i gcluichí i mbliana i gcomparáid le blianta eile. Ach is suntasaí go mór mór é ó thosnaigh biaiste na gcluichí móra i bPáirc an Chrócaigh. Sin mar a bhí ar an nDomhnach seo caite nuair chas Maigh Eo agus Ciarraí ar a chéile.

Bhí sé mhíle leis an trí scór i láthair agus bhí ar a laghad dhá thrian díobh ag ‘liúradh’ dos na Connachtai­gh.

Nach dílis iad nuair tuigtear go bhfuil sé bliana le trí scór éalaithe uainn ó ghaibh an ‘Contae Dílis’ seilbh ar Chorn Mhig Uidhir go deireanach?

B’fhearr iad go mór ná Ciarraí ach mar sin féin níor éirigh leo an toradh a shaothrú agus tugann san léargas ar mheon agus dearcadh na Muimhneach. Mar sin beidh lá eile acu araon ar an Satharn seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh arís.

Is dóigh liomsa go bhfuil ‘Maigh Eo Nua’ feicthe againn sa dá chluiche is déanaí a bhí acu. Bhí sé thar a bheith soiléir san athimirt in aghaidh Ros Comáin.

Bhí cuma orthu ag réabadh amach ar an bpáirc go rabhadar úr agus aibí go maith agus fonn imeartha orthu. Chuireadar géire agus machnamh breise le gach iarracht; bhí béim ar ionsaí agus gluaiseach­t agus thar aon athrú eile ba léir go raibh muinín acu as a gcumas féin.

Mar a chéile a bhí in aghaidh Chiarraí ar an Domhnach seo caite.

An bhfuil Maigh Eo Nua saolaithe? Tá ábhar machnaimh ag na Ciarraígh!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland