Irish Independent - Seachtain

Sos ó na Rósanna... agus bród orm an rós eile seo a fheiceáil!

-

Tar éis breis agus seachtain os comhair an phobail le himeachtaí an Róis — agus níos faide ná sin i ndáiríre má thógann tú an phoiblíoch­t ar fad a chuaigh leis i mbliana — bhí sé in am dul ar an dtaobh eile don bhfalla. Is ró-mhinic mé fén spotsolas le tamall agus cuma ar an scéal uaireanta ná bíonn aon éalú uaidh. Tháinig athrú air seo nuair a thugas aghaidh ar an seó ‘Trad on the Prom’ atá ar siúl i mBóthar na Trá sa Ghaillimh. Bhí sé cloiste agam go raibh an seó seo ar fheabhas, ach an chúis go rabhas ag dul ann ná go bhfuil neacht liom ag rince ann. Tá blianta caite aici ag rince agus seo an chéad uair a chonac i gceart í agus tá a fhios agam gur clann í ach bhí sí thar mholadh beirte! Bhíos chomh bródúil aisti. Amach léi ar an stáitse mar ná raibh aon ní sa seomra agus mar go raibh sé déanta aici míle agus céad uair. Bhí deoir le mo shúil ag féachaint uirthi agus de ghnách bím in ann an ceann is fearr a fháil ar na mothúcháin!

Taobh amuigh dó sin bhí tamall ana-fhada ó bhíos ag aon seó mar seo agus ar feadh dhá uair an chloig bhíos suite sa lucht féachana agus daoine eile i mbun na siamsaíoch­ta — agus ní raibh ormsa aon rud a dhéanamh, bhíos chomh sásta!

Seó den scoth is ea ‘Trad on the Prom’ agus creidiúntí le hainmneach­a na gceoltóirí agus na rinceoirí a bhí ar an stáitse chomh fada le haon scannán!

Ní raibh faic le déanamh ar an Satharn ach an oiread ach luí siar agus féachaint ar Chiarraí ag tabhairt stánáil do Mhaigh Eo!!!

Cé ná raibh faic le déanamh ann, bhrathas go rabhas ag imirt agus b’fhéidir dá mbeinn go mbeadh an toradh níos fearr (ní dóigh liom é chun an fhírinne a rá!).

Ní mé an t-aon Chiarraíoc­h ná raibh i mbun siamsaíoch­ta an tráthnóna sin!

D’fhágamar é sin do leaideanna Mhaigh Eo agus dheineadar go slachtmhar é. An mbeidh siad slachtmhar a ndóthain dos na Bleá Cliathaigh níl a fhios agam!

Bhí sé go hiontach a bheith ar an dtaobh eile le cúpla lá anuas agus tá cúpla lá eile agam mar i gceann coicíse beidh mé fén solas in athuair, ach roimhe sin tá sé beartaithe ag Rita agus mé fhéin dul go dtí na scannáin dhá bhabhta.

Deir sí go bhfuil oícheanta amuigh ar nós bhusanna Bhleá Cliath — go dtagann siad ar fad le chéile!

 ??  ?? Scoth: Mé féin agus mo neacht Aoife Ní Shé agus, ar dheis, le lucht ‘Trad on the Prom’
Scoth: Mé féin agus mo neacht Aoife Ní Shé agus, ar dheis, le lucht ‘Trad on the Prom’
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland