An cúlra ceart ag Gaillimh, ach tá Port Láirge ar bís...
Bhíos i nDurlas Éile tráthnóna nuair nach raibh fágtha san earrach ach aon tseachtain amháin. Bhí cluiche ceannais Shraith Iomána Allianz ar chlár an lae agus Tiobraid Árann, curaidh Uile-Éireann, ag an am réidh le dul in iomaíocht leis an nGaillimh.
Trí mhí roimhe sin bhí an chaint, an cur agus cúiteamh agus an tuairimíocht beo beathaithe leis an dtéama ‘Cá ngabhfadh Corn Mhic Cárthaigh ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair?’ Do bhí claonadh láidir ar thaobh Thiobraid Árann ag an am.
Bhí dóthain daoine ag tuar go n-éireodh leo an dara craobh Uile-Éireann as a chéile a chur i bhfearas, éacht nach raibh déanta acu ón mbliain 1965.
De réir mar a bhí an tSraith ag dul ar aghaidh ins na babhtaí tosaigh is i ngéire a chuaigh an claonadh i bhfabhar na dTiobradach. Ach mar a deir a lán des na seanscéalta, baineadh geit mhillteach as a lán de lucht leanta na hiomána nuair thug Cill Chainnigh cuairt ar Staid Semple i mbabhta a ceathair den tSraith.
Bhí tús maith ag an bhfoireann bhaile agus samhlaíodh go rabhadar ar an ‘mbóthar beannaithe’ fós. Ach bhí sprid iontach ag na Cait agus chríochnaigh na foirne ar comhscór.
B’in fíorgheit a dhuine mar ní raibh Cill Chainnigh ag déanamh mórán gaisce le tamall anuas.
B’in casadh na taoide dáiríre do Thiobraid Árann i mbliana, cé gur cháilíodar do chluiche ceannais na sraithe níos déanaí agus Staid Semple mar ionad chuige.
Mar a dúrt cheana, bhíos i láthair agus ana-thógtha go deo leis an dtaispeántas a léirigh na Connachtaigh os ár gcomhair amach. Chláraíodar trí chúl i dteannta aon chúilín fichead agus ní raibh ag curaidh Uile-Éireann ach ceithre chúilín déag ar shéideadh na feadóige ag deireadh na himeartha.
Ba mhór an scrios é agus ag caint dom ar an gclár An Saol Ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta ar an Luan dúirt gurb iad an Ghaillimh a bhuafadh Craobh na hÉireann sa bhfómhar.
Cad é mar sheó iomána a bhí le feiscint againn ó shin i leith! Molaimis na himreoirí — aiséirí Chorcaí, spréacharnach Loch Garman, teacht aniar d’ardchaighdeán Thiobraid Árann, reacaireacht reatha agus síorghluaiseacht i dteannta máistreachta leis an gcamán ag na Déise mar aon le rabharta de chúil — aon cheann déag i gcluichí a bhain le Craobh na Mumhan agus cluichí ar an mbóthar go dtí cluiche ceannais na hÉireann.
Fágaimis é mar atá mar níl ach péire fágtha — Gaillimh agus Port Láirge. Cé nach bhfuil ach iomlán de sé Chraobh Uile-Éireann bainte acu — ceithre cinn ag an nGaillimh agus péire ag Port Láirge beidh ionad na n-uasal acu i gceann ceithre lá mar beidh siad i bPáirc an Chrócaigh do mhórchluiche na bliana, Craobh Uile-Éireann.
Táim ag seasamh leis an dtuairim a nochtas i mí Aibreáin — gur siar go Gaillimh a rachaidh Corn Mhic Cárthaigh sa bhfómhar. Tá an tráth sin ar leic an dorais anois díreach.
Cad a thug orm an smaoineamh úd san earrach a scaoileadh leis an ngaoth?
Bhuel, ar an gcéad dul síos cheapas go raibh an cúlra ceart cuí ag an nGaillimh le misneach a bheith acu ag tabhairt faoi aon fhoireann a chloí. Nach raibh cleachtadh agus taithí acu ar ócáidí móra mar imirt i gcluiche ceannais na hÉireann agus críochnú ar comhscór le Cill Chainnigh? Nár cheannsaíodar curaidh Uile-Éireann 2016 i gcluiche ceannais na sraithe i mbliana?
Agus thar aon nidh eile an cumas a bhí ina lán des na himreoirí bheith éifeachtach go minic san imirt.
N’fheadar cad déarfadh Cromail ina dtaobh — nach Connachtaigh, sliocht na Laighneach, a dhíbir sé féin go Cúige Chonnacht nó Ifreann uair dá raibh atá mar churaidh iomána Laighean faoi láthair? Cinnte, tá aistear foghlama curtha díobh acu agus dá bharr creideamh ina gcumas féin.
Dar ndóigh tá na nithe sin go léir san aimsir chaite anois agus Port Láirge ar bís chun imeartha. Nuair bhuadar siúd Craobh na hÉireann go deireanach (1959) chláraíodar trí chúl fichead sa bhfeachtas agus an scair céanna de chúilíní.
Sin stair, a dhaoine córa, agus tá fhios agaibh go bhfuil aon chúl déag cláraithe acu i bhfeachtas na bliana seo.
An bhfuil an méid sin féin scanrúil do lucht leanta na gConnachtach mar nach bhfuil acu siúd ach dhá chúl? Agus nach bhfuil sé ráite go minic gur cúil a ghabhann Craobhacha ‘móra’? Tá beag-amhras ag iarraidh dul isteach i m’aigne ach nílim ag glacadh leis.
Neosfaidh an aimsir! Bainimis taitneamh as an ócáid agus as an gcoimhlint.