Irish Independent - Seachtain

Cluiche mór don té atá neodrach!

- GRÁINNE McELWAIN

An uair dheireanac­h gur bhuaigh Port Láirge Craobh Iomána na hÉireann, tháinig Fidel Castro i gcumhacht i gCúba. 1959 an bhliain a bhí ann agus d’éirigh leis na Déise an lámh in uachtar a fháil ar Chill Chainnigh san athimirt os comhair slua 77,000 i bPáirc an Chrócaigh.

Idir sin agus seo, tá neart foirne maithe ó cheantar na nDéise tar éis dul gar do Chorn Liam Mhic Cárthaigh a ardú ach níor tharla sé. An é seo an bhliain dóibh?

Don duine neodrach, is iontach an babhta ceannais é mar is in aghaidh na Gaillimhe atá na Déise nach bhfuil Craobh na hÉireann buaite acu ó 1988. Mar eolas, seo an chéad uair a bheidh an dá fhoireann ag casadh ar a chéile sa chluiche ceannais chomh maith.

Uaigneach

Cailleadh duine de laochra móra fhoireann na Gaillimhe, Tony Keady, ar na mallaibh agus beidh an lá uaigneach dá chlann agus a chomhghlea­caithe Dé Domhnaigh ag smaoineamh air agus é ar shlí na fírinne.

Deirtear nach féidir mórán léamh a dhéanamh ar an tsraith ach sílim féin gur chuidiú mór do shéasúr na Gaillimhe an teacht aniar a rinneadh in aghaidh Phort Láirge i mbabhta ceathrú ceannais na Sraithe ag tús mhí Aibreáin agus iad 2-19 le 1-15 taobh thiar agus 14 bhomaite le dhul sa dara leath.

Aiséirí a bhí i gceist ó Ghaillimh le Joe Canning go háirithe le 1-10 ag seasamh amach dóibh. Bhuaigh siad an cluiche 2-22 in aghaidh 2-19 agus níor éirigh le Port Láirge scór a aimsiú sa 15 nóiméad dheireanac­ha.

Bhí Gaillimh ag streachail­t faoin liathróid ard rud nach féidir a rá anois fúthu le Gearóid McInerney agus an líne leathchúil ina máistrí ansin.

Déantar neart cainte ar chóras cosanta Phort Láirge agus an cosantóir breise ach fós leis sin, d’aimsigh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann Gaillimh v Phort Láirge Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh @15.30 siad 4-19 thar Chorcaigh sa bhabhta leathchean­nais. Feicfimid an gcuirfidh Derek McGrath Darragh Fives nó Tadhg De Búrca siar.

Córas

Is léir go bhfuil córas éifeachtac­h acu agus cruthóidh sé sin deacrachta­í do Ghaillimh. Tá an oiread sin coimhlintí a bhfuil muid uilig ag dúil leo ach Jamie Barron i lár na páirce a choinneáil ciúin agus é a stopadh ag dul ar ruathar, sin rud mór go háirithe mar gur chríochnai­gh sé le 2-1 ón imirt sa bhabhta leathchean­nais. Ach is é an choimhlint idir Joe Canning agus Austin Gleeson, beirt de mhórlaochr­a iomána na linne seo a bheas spéisiúil. Seo an tríú huair ó 2012 a bheidh Gaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann agus mar sin tá an taithí acu agus an briseadh croí ó na cailliúint­í in 2012 agus 2015. Braitheann go leor fosta ar cén dóigh is féidir le Port Láirge déileáil leis an ócáid mar seo an chéad uair ó 2008 go bhfuil siad ar ais i bPáirc an Chrócaigh ar an lá mhór. Bainigí sult as!

 ??  ?? Iomaíocht: Austin Gleeson agus Joe Canning
Iomaíocht: Austin Gleeson agus Joe Canning
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland