Brutonag gealladh ré úr don Ghaeilge ar scoil
Tá an tAire Oideachais Richard Bruton ag gealladh go gcabhrófar leis na mílte páiste an scoil a fhágáil agus iad in ann Gaeilge a labhairt.
Gheall an tAire an méid sin agus é ag fógairt athruithe móra ar Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí an tseachtain seo. Deir sé go bhfuil sé ag súil le deireadh a chur leis an gclaonadh a bhíodh ann go mbíodh glúin i ndiaidh glúine de dhaoine óga ag fágáil na scoile agus gan iad in ann ár dteanga dhúchasach a labhairt.
I ndiaidh aiseolas a fháil i rith na céime comhairliúcháin, cinneadh dhá thogra dhifriúla a fhorbairt.
Labhartha
“Díreofar go láidir ar an teanga labhartha sna sonraíochtaí nua do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí,” a dúirt an tAire Bruton.
Díreofar ar an nGaeilge mar an teanga theagaisc agus chumarsáide sa seomra ranga agus díreofar freisin ar na scileanna a theastaíonn chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le húsáideoirí eile na teanga.
Agus mar chuid de shonraíocht nua Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí, déanfar measúnú foirmiúil ar scileanna labhartha gach scoláire.
Déanfar sin trí Mheasúnu- ithe Rangbhunaithe a thuairisceoidh scoileanna le tuismitheoirí ag deireadh an tríú bliain.
Go dtí seo, bhíodh béaltriail roghnach ar fáil, a rinne líon beag scoláirí, agus a mheas a múinteoirí go hiondúil mar chuid den scrúdú sa Teastas Sóisearach mar a bhíodh.
“Tá an Rialtas tiomanta go láidir do chur i bhfeidhm na ngníomhartha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus sa Straitéis don Oideachas Gaeltachta, an chéad straitéis riamh d’Oideachas Gaeltachta a sheol mé anuraidh,” a dúirt an tAire Bruton.
“Táim ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine ag labhairt Gaeilge ar scoil, sa bhaile agus ina bpobal. Sin an fáth a bhfuilimid ag cur béim i bhfad níos mó ar dhaoine a chur ag labhairt na Gaeilge, agus den chéad uair riamh déanfar measúnú ar gach scoláire.”
Gheobhaidh scoláirí atá sa chéad bhliain mí Mheán Fómhair seo Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí dá gcuid in 2020.