Irish Independent - Seachtain

SPÓRT NA FOIRNE IS FEARR AG BUALADH LENA CHÉILE

- GRÁINNE McELWAIN

Lá mór i bhféilire spórt na mban an deireadh seachtaine seo le cluichí ceannais camógaíoch­ta na hÉireann ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i ngrád na sóisear, idirmheána­ch agus sinsear.

Buille mór nach mbeidh an t-imreoir Gemma O’Connor a bhfuil naoi ngradam mar dhuine de Shárimreoi­rí Camógaíoch­ta na Bliana aici ag imirt le Corcaigh Dé Domhnaigh tar éis a cath le gortú a chailliúin­t. D’fhág sí an pháirc sa bhabhta leathchean­nais in adharca na Gaillimhe le gortú glúine ach bhí gortú rúitín ag cur as di roimh an chluiche sin.

Seo an ceathrú bliain as a chéile go bhfuil Corcaigh i gcluiche ceannais na sinsear. Chaill siad in éadan Chill Chainnigh anuraidh (1-13 le 1-9) a bhuaigh Corn Uí Dhufaigh den chéad uair le 22 bhliain.

Is fearr

Gan dabht seo an dá fhoireann is fearr ag casadh lena chéile. D’imir siad in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais na sraithe, comórtas a bhuaigh Cill Chainnigh 2-7 le 0-10.

Bhí deacrachta­í ag Corcaigh dul i ngleic le himirt dian ó na Cait sa chluiche sin. Cluiche fisiciúil a bhí ann agus stop Cill Chainnigh an soláthar liathróide isteach go tosaithe Chorcaí a bhí thar barr ar an bhealach ansin. Luaigh Ann Downey, cóitseálaí Chill Chainnigh, tar éis an chluiche “go dtugann an bua muinín dúinn ach beidh orainn obair i bhfad níos crua má chasann muid le Corcaigh sa chraobh”. Rinne Corcaigh go leor i gcoinne Cluichí Ceannais Camógaíoch­ta na hÉireann, Dé Domhnaigh Sóisir @12.00: Áth Cliath v na hIarmhí Idirmheána­ch @14.00: An Mhí v Chorcaí Sinsir @16.00: Corcaigh v Chill Chainnigh. Beo ar RTÉ2 na Gaillimhe sa bhabhta leathchean­nais ach beidh siad ag dúil le taispeánta­s i bhfad níos fearr ná mar a bhí sa dara leath, go háirithe nuair nár aimsigh siad scór ar feadh 28 nóiméad.

De réir Paudie Murray, bainisteoi­r Chorcaí, is iad Cill Chainnigh rogha na n-údar agus an oiread sin áthais is faoisimh air ag an fheadóg dheiridh gur tháinig siad slán ó Ghaillimh. “Táim buartha roimh an chluiche ceannais,” a dúirt sé agus nach mbeidh cluiche tarraingte­ach don lucht tacaíochta agus an chosaint atá ag Cill Chainnigh le deichniúr taobh thiar den liathróid. Beidh le feiceáil ach ní dóigh liom go mbeidh mórán ann, leis an chaptaen Rena Buckley (ar chlé) ag cuartú a 18 bonn idir chamógaíoc­ht agus pheil. Roimhe sin, feicfear Corcaigh in aghaidh na Mí sa ghrád Idirmheána­ch, le Paudie Murray ar an taobhlíne ansin fosta. Mar a bhí anuraidh, tá Corcaigh ag iomaíocht sa dhá bhabhta ceannais ach beidh siad ag súil le toradh níos fearr mar ní raibh an lá leo i gceachtar acu in 2016.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland