Irish Independent - Seachtain

An Ghaillimh abú, rinne sibh an beart faoi dheireadh thiar thall

-

An Ghaillimh abú — sin focail atá cloiste agam le tamall anois ach ar an nDomhnach bhíodar abú go maith! Tháinig an fhoireann seo chomh cóngarach cúpla uair cheana, bhí sé deacair ar shlí samhlú go rabhadar chun é a dhéanamh ar deireadh, cé go rabhas ag súil go mór leo sin a dhéanamh.

Bhí suim agam riamh in iomáint na Gaillimhe, ach ó bhogamar amach fén dtuath go paróiste Thobar Pheadair chuaigh an tsuim sin i méid. Ní féidir bogadh go háit mar seo gan tú fhéin a chaitheamh isteach sa phobal.

Ar an Aoine bhí leagan áitiúil de ‘Up for the Match’ sa chlubtheac­h. Bhíos fhéin mar aoi ar an oíche agus ana-shásta a bheith ann leo.

Bhíos féin, Anthony Daly ó Chontae an Chláir agus JJ Delaney ós na Cait ar an stáitse le chéile. Dúirt mé go magúil go raibh aon bhonn déag Uile-Éireann iomána idir an triúr againn!

Bhí an bheirt ag cur síos ar na laethanta móra a bhí acu, caithfidh tú cuimhneamh go bhfuil naoi mbonn Uile-Éireann ag JJ!

Bhíos-sa ag cur síos ar laethanta móra teilifíse agus an t-ullmhúchán a théann isteach ann agus is minic go mbíonn an dá rud mar a chéile agus an brú a théann leis san ar fad. Bhí John Connolly agus Anthony Cunningham, fear Naomh Thomáis, ann chomh maith. Bhí craic mhaith agam leis an mbeirt seo chomh maith.

Caithfidh mé a rá go bhféachann John Connolly mar a dhein sé in 1980, dúchas Chonamara is dócha! Taobh amuigh dos na hainmneach­a móra a bheith i láthair ba ócáid iontach pobail a bhí ann. Leithscéal le muintir na háite a thabhairt le chéile!

Bhí breis agus 300 duine ann agus chomh maith leis an gcaint ar spórt bhí ceoltóirí agus damhsóirí ann. Ní tharlaíonn sé seo minic a dhóthain dar liom. Sé an trua go gcaithfimi­d fanacht le ócáid mhór chun sin a spreagadh.

Chuas chomh fada leis an bpub áitiúil ar an Satharn. Le David Burke — captaen na foirne — a dheartháir Éanna agus Conor Cooney ar an bhfoireann, bhí spiorad iontach timpeall na háite le cúpla seachtain anuas.

Ní raibh caint ar aon rud eile sa phub céanna agus tá sin ar cheann dos na rudaí speisialta fé chluichí ceannais. Téann gach aon rud ar ais go dtí muintir na háite agus na pobail go dtáinig na himreoirí seo as.

Bhí lúcháir mhillteach orm David Burke a fheiscint ar Ardán Uí Ógáin ar an nDomhnach agus bhí sé níos deise fós é a fheiscint ina pharóiste fhéin oíche aréir!

 ??  ??
 ??  ?? Gaisce: Éanna Burke le Corn Mhic Cárthaigh agus, ar dheis, Dáithí sa chlubtheac­h, agus thuas, tvuít tar éis an chluiche
Gaisce: Éanna Burke le Corn Mhic Cárthaigh agus, ar dheis, Dáithí sa chlubtheac­h, agus thuas, tvuít tar éis an chluiche
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland