Irish Independent - Seachtain

Tá mé ag dul go dtí an Rúis le damhsa i seó Flatley

- Le Gearóid Ó Muilleoir

Tá sí go díreach i ndiaidh an scoil a fhágáil – ach níl Áine Malone ag smaointiú ar an ollscoil go fóill. Mar tá rud i bhfad níos iontaí le déanamh aici – dul chun na Rúise le damhsa i seó úr de chuid Michael Flatley.

Agus bhí Áine go díreach i lár a scrúduithe nuair a fuair sí amach go bhfuair sí áit i Lord of the Dance. Ach fiú nuair a bhí a fhios aici go raibh saol úrnua i ndán di, níor chuir sin isteach uirthi, agus fuair sí trí A ina cuid Ardleibhéa­l — Ardteistim­éireacht an Tuaiscirt — an Ghaeilge ina measc.

Réidh

Bhuail sí le Michael féin agus í ag damhsa i gCraobh an Domhain i gCill Airne trí bliana ó shin agus mhol sé go hard í.

“Dúirt Michael liom gur chóir dom dul leis an seó nuair a bhí mé réidh dó. Agus anois agus mé 18 mbliana d’aois agus ag fágáil na scoile, tá a fhios agam go bhfuil mé réidh.”

Agus anois tá plean s’aici bheith ina múinteoir bunscoile curtha ar ceal — ar feadh tamaill ar aon nós.

“Tá a fhios agam go bhfuil seans agam anois nach bhfuil ag mórán daoine eile,” a dúirt sí le Seachtain.

“Caithfidh mé toiseacht ag an bhun agus bheith ag obair go crua, ach i gceann cúpla bliain ba mhaith liom an príomhról a ghlacadh.”

Ach níl anseo ach an dara huair a bhí an cailín as an Chorr Leacht i ndeisceart Ard Mhacha ar shiúl óna tuismitheo­irí.

“Bhí mé thall i gCéinia na hAfraice ag obair go deonach anuraidh, agus anois beidh mé ar shiúl chuig an Rúis agus ag dul ar camchuairt san Áis agus san Eoraip. Tá a fhios agam nach féidir liom seans mar seo a dhiúltú,” a dúirt sí.

Beidh uirthi damhsa gach lá agus an seó ag dul ón Rúis go dtí an Pholainn agus an Ghearmáin sula gcríochnóf­ar sa tSín.

Fuair sí áit i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste le dul faoi oiliúint don mhúinteoir­eacht, ach cuir sí ar athló é ar feadh bliana.

Agus dúirt iardhalta Ardscoil Naomh Pól sa Sruthán i gContae Ard Mhacha gur mhaith léi teagasc i nGaelscoil más féidir é. Ach tá obair — agus rud beag craice — idir lámha aici roimh an ollscoil anois.

Tá trí Chraobh Dhomhanda agus seacht gCraobh Uladh bainte aici, mar sin tá sí ag dúil le dul ar an ardán os comhair na sluaite. Beidh sí ag damhsa ar feadh dhá mhí sula mbeidh sos aici um Nollaig.

“Bhí mé ag damhsa ó bhí mé trí bliana d’aois agus bím ag damhsa sé lá sa tseachtain, mar sin níor chóir go mbeadh tuirse orm!” ar sise.

 ??  ?? Aistear: Tá Áine ag fágáil na scoile, agus caithfidh sí bliain ag damhsa ar fud an domhain sula rachaidh sí ar an ollscoil Cairdeas: Áine ag casadh le Michael Flatley agus, ar dheis, í i mbun damhsa ina seomra
Aistear: Tá Áine ag fágáil na scoile, agus caithfidh sí bliain ag damhsa ar fud an domhain sula rachaidh sí ar an ollscoil Cairdeas: Áine ag casadh le Michael Flatley agus, ar dheis, í i mbun damhsa ina seomra

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland