Irish Independent - Seachtain

Clann, cairde, sonas agus sláinte... sin a bhfuil de dhíth ort!

Deirtear go dtagann ciall le haois, ach dar le Sorcha Ní Dhubháin go dtagann imní agus buarthaí le haois — agus cinnte meáchan freisin!

-

Tarlaíonn rud éigint sna tríochaidí. Lá amháin tá tú ag teacht abhaile ag a sé ó chóisir sa choláiste. An oíche caite agat ag ól, damhsa agus ragairneac­h. Go tobann ansan tá tú ag éirí ag a sé chun dul amach ag obair. Na laethanta seo tógann sé níos mó ama teacht ar ais chugam féin tar éis oíche mhór amach.

Bíonn orm dul isteach i mo leaba do dhá lá, mo chorp, cheann agus réasún caillte. Caithim dhá lá ag déanamh trua dom féin. Níl sé sin tar éis b’fhéidir dhá ghloine fíona agus ar ais sa leabaidh ag a dó!

Tráth don saol, d’fhéadfainn aon rud a ithe. Anois má táim sa seomra céanna le barra Dairy Milk, téann sé díreach ar mo chromáin agus ní bhogann sé. Sin mar a imíonn cúrsaí ag dul in aois.

Arís b’fhéidir deich mbliana ó shin d’fhéadfainn mála plaisteach a chaitheamh agus bhí cuma dheas ar mo chorp ach de réir mar a tháinig an aois, tháinig an meáchan.

“Support tights, spanx, shapewear” — seo an fearas a bhíonn orm a úsáid má táim chun éadaí teanna a chaitheamh. Tá saghas fo-éadaí ann darb ainm “Spanx Power Series Higher Power Panties”. Teideal aisteach atá ann agus ní hea, ní saghas spásloinge nua atá ann a chruthaigh NASA. Is péire fobhrístí atá ann a gheallann duit go dtabharfai­dh sé tóin iontach duit agus a dhíothóidh aon muffin tops chomh maith. Táim ag smaoineamh ar iad a cheannach.

Ní hamháin gur athraigh mo chorp ach tá athrú tar éis teacht ar mo mheon aigne. Tá mé níos eaglaí ná mar a bhíodh mé.

Deich mbliana ó shin ag 22, níorbh aon dua dom dul go dtí an Asarbaiseá­in i m’aonar i gcomhair míosa — mála ar mo dhroim, sona sásta agus lán de sceitimíní.

Ansan, le déanaí agus mé deich mbliana níos sine bheartaigh mé dul go dtí an Cholóim. Bhí orm stopadh, tháinig mothú orm, mothú ait nár tháinig orm riamh roimhe: eagla. Bhí mé amhrasach. Bhí mo cheann lán de dhiúltacha­s.

Cad a dhéanfaidh mé má chaillim mo phas? Má dhéantar robáil orm? Is tír dhainséara­ch an Cholóim.

De ghnáth ní mar sin a bhím. Le blianta anuas dá ndíreoinn m’aigne dul in áit éigint ní fheicfinn ach na féideartha­chtaí. Leis an gColóim, ba iad na míbhuntáis­tí a tháinig chun cuimhne. Cad a d’athraigh? Cad atá ag tarlú?

Tá dóchas iontach ag baint leis an óige. Idéalachas. An duine ag 21, ní an duine céanna atá ann ag a 31. Nuair atá tú sna fichidí tá tosaíochta­í difriúla ann — siad na tosaíochta­í ná: do shaol sóisialta agus féachaint go maith an t-am ar fad.

Níl mé chomh tógtha le cúrsaí íomhá is a bhí mé. Caithim bróga compordach­a ar oíche amach! Arís is comhartha ollmhór é seo, go bhfuilim ag dul in aois. Sálaí arda... céard? Nach féidir liom mo birkenstoc­ks a chaitheamh ag an mbainis?

Níl an fuinneamh céanna agam anois ach an oiread. Zumba, HIIT, Spin, Core and Abs, Bikram Yoga, Boxercise, Pole Fitness, Yogalates, Insanity, TaiBo — bhíodh amchlár iomlán aclaíochta agam ó sheachtain go seachtain. Ní raibh feiniméan aclaíochta nua nach rabhas sásta a thriailt. D’imeoinn go rang aclaíochta sa tráthnóna tar éis na hoibre agus d’imeoinn amach ag rith chomh maith san oíche.

Bhí mé gníomhach go fisiciúil b’fhéidir sé lá den tseachtain. Ar nós páiste a d’ith an iomarca Skittles, bhí fuinneamh damanta agam, gan teorainn ar bith leis. Anois tá sé ar nós tarraingt fiacla, chun mo thóin a tharraingt amach ag rith cúpla uair sa tseachtain. Ní féidir fanacht óg go deo agus níl cúrsaí ar fad diúltach. Tá pointí maithe leis faoi dhul in aois. Athraíonn an caidreamh atá agat le do mhuintir. Tagann tú amach as dufair na mblianta déagóra, trí fhorás na bhfichidí go dtí talamh órga na dtríochaid­í. Is áit é seo atá níos aibí, nos socra agus níos fearr in an-chuid slite. Is áit shíochánta í. Tá sé síochánta mar ní chaitheann do thuismithe­oirí leath a gcuid ama ag tabhairt amach duit mar gur chaill tú do sparán don mhíliú huair an tseachtain san.

Chaith mé mo fhichidí ag aimsiú rudaí, rudaí a chaill mé. Thar na blianta tá gach rud gur féidir a chailliúin­t caillte agam: pas, sparán, casóga, seodra, málaí, ríomhairí, srl... anois braithim i mo shlí féin go bhfuilim níos eagraithe.

Is annamh a chaillim rudaí agus má chaillim, anois tá an chlisteach­t agam gan é a insint do mo thuismithe­oirí. Is dócha nach dtagann ciall roimh aois.

Ach i ndáiríre, d’fhorbair an caidreamh a bhí agam leo. Anois is caidreamh atá bunaithe ar chairdeas atá ann, in ionad tuismitheo­ireachta.

Cad atá i ndán dom sna daichidí ní fios, b’fhéidir go mbeidh mé i mbirkensto­cks an t-am ar fad, na Spanx Power Series Higher Power Panties á gcaitheamh agam ó mhaidin go hoíche, agus m’aghaidh reoite ón mbotox. Ní bheidh a fhios ag daoine eile cé na mothúcháin a bheidh orm: náire, brón, fearg nó iontas. Gan dabht, tá an clog ag gluaiseach­t ar aghaidh agus níl smacht againn air. Dúirt Benjamin Franklin nach raibh ach dhá rud chinnte sa saol: bás agus cáin. Dá bhrí sin, b’fhearr dom éirí compordach leis an bpróiseas. Tá súil agam agus mé im dhaichidí go mbeidh tuiscint agam ar na gnéithe den saol atá tábhachtac­h. Tá acrainm deas agam dó san: CCSS: clann, cairde, sonas agus sláinte. Má tá na ceithre ní san agam, beidh gach rud ceart. B’fhéidir go mbeidh mé fós ábalta fanacht amuigh ag damhsa go dtína sé ar maidin. Ar a laghad is bróga compordach­a a bheidh orm.

 ??  ?? Tinneas póite: Is furasta barraíocht a ól agus tú sna déaga nó sna fichidí, ach ní sna tríochaidí
Tinneas póite: Is furasta barraíocht a ól agus tú sna déaga nó sna fichidí, ach ní sna tríochaidí
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland