Brú nach beag ar na Cait ógaagus ar Eddie
Níor chreid mórán an toradh nuair a dúradh gur chaill iománaithe Chill Chainnigh in aghaidh na hIarmhí fé 21 i bhfeachtas Laighean anuraidh.
D’imigh sin agus tháinig seo agus Dé Sathairn, tabharfaidh Cill Chainnigh aghaidh ar Luimneach, athimirt ar chluiche ceannais mionúr na hÉireann trí bliana ó shin nuair a bhí an lá ag na Cait.
Slua
Bhí mé féin ag cur an clár GAA Beo i láthair ar TG4 nuair a d’imir Áth Cliath agus Cill Chainnigh in aghaidh a chéile i mbabhta ceathrú ceannais Laighean ag tús an tsamhraidh.
Gan dabht, bhí brú ar Eddie Brennan, bainisteoir na foirne, ní amháin buachaint ach taispeántas maith a chur chun páirce os comhair an tslua baile. Cluiche Ceannais Iománaíochta faoi 21 Cill Chainnigh v Luimnigh Staid Semple, Dé Sathairn @15.00 Beo ar TG4
Bhuaigh na Cait agus i ndiaidh an chluiche, bhí na deora le súile Brennan le faoiseamh agus é ag smaoineamh siar ag an am seo in 2016.
Bhuail na Cait an Iarmhí agus Loch Garman chun Craobh Laighean a bhaint den chéad uair ó 2012 ach slad a bhí i gceist in aghaidh Dhoire 8-35 le 0-7 sa bhabhta leathcheannais, cluiche nárbh fhiú do ceachtar taobh.
I gcomparáid leis sin, bhí ardchluiche ag Luimneach ar Ghaillimh 2-23 le 2-19, le Luimneach ag críochnú go láidir san am cúiteamh.
Ba é 2008 an uair dheireanach a d’éirigh le Cill Chainnigh Craobh na hÉireann a bhaint ag an ghrád seo.
Coinnigh súil amach do na himreoirí sinsear Richie Leahy agus Liam Blanchfield, chomh maith le Cian Lynch agus Peter Casey do Luimneach.