Irish Independent - Seachtain

Cuireann Gaillimh an dlaíóg mhullaigh ar bhliain ar leith

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Cad é mar shéasúr iomána a bhí againn! Thosnaigh sé le Comórtas Sraithe Allianz i dtús an earraigh. Ba léir go luath go raibh breis suime ag an bpobal ins na cluichí; cuireadh tús leo go luath i mí Feabhra agus as san ar aghaidh go dtí an 3ú lá fichead de mhí Aibreáin bhain lucht leanta fairsing taithneamh agus sásamh astu.

Ag druideam leis an deireadh nuair bhí Tiobraid Árann agus an Ghaillimh cáilithe don gcluiche ceannais bhí nodanna ag snámh san aer go mb’fhéidir nach mbeadh sé ró-fhuirist do MhórDhéith­e an chluiche (Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann) na Craobhacha móra a ghabháil. Nach raibh leideanna le clos nach raibh fiú Tiobraid Árainn — Curaidh Uile-Éireann ag an am — ag dealrú chomh héifeachta­ch agus a bhíodar an bhliain roimhe sin?

Cuireadh leis an ndearcadh úd nuair ghaibh an Ghaillimh Craobh na Sraithe le sár-thaispeánt­as iomána. An lá dár gcionn dheineas tairngreac­ht ar Raidió na Gaeltachta go ngabhfaidí­s Craobh na hÉireann sa bhfómhar freisin.

Chreideas ann ag an am ach thuigeas chomh maith go bhfuil sé ana-fhuirist bheith ‘mícheart’ sa tuairimíoc­ht sa saol seo.

Bhí cúpla cúis gur roghnaíos iad thar aon fhoireann eile ach cheapas go raibh pointe foghlama sroiste acu a thug misneach agus creideamh dóibh ina gcumas féin gaisce mór a dhéanamh.

Sé an bhunchloch a bhí leis ná go raibh taithí acu ar bheith sáite i gcluichí móra agus go rabhadar ag foghlaim go géar ina dtaobh. Níl aon nidh chomh tábhachtac­h leis an dtaithí sin nuair thagann deis bheith ina leithéid de shuíomh imeartha arís.

Nár imríodar i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh agus ba cheacht é nach bhfaighfeá i Harvard féin; nár chríochnaí­odar ar comhscór leo agus cé gur theip orthu san athimirt ba mhó go mór a gciste taithí dá mbarr?

Bhí fonn bailithe taithí in aigne acu fós agus insteallad­h mór misnigh a bhí ann buachtaint ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na sraithe.

Más ea, ní raibh deireadh fós leis an gcúrsa agus déarfainn go rabhadar ar a gcompord ag tabhairt faoi Chraobh Laighean le teacht an tsamhraidh; arís nár éirigh leo an Chraobh agus an Corn Ollmhór a thabhairt leo thar Sionainn siar?

Bhí iomáint an tsamhraidh thar barr agus nuair nach raibh fágtha san iomaíocht do Chraobh Uile-Éireann ach Gaillimh agus Port Láirge bhí lucht leanta iomána sásta go raibh an dá fhoireann ab fhearr sa tír ann.

Tá ana-mheas agam ar fhoireann Phort Láirge agus creidim go n-éireoidh leo siúd an chraobh mhór a ghabháil sara fada.

Ach bhíodar faoi mhíbhuntái­ste ag dul chun páirce in aghaidh na Gaillimhe ar an nDomhnach seo caite — easpa taithí ar chluichí agus ócáidí móra mar Chraobh na hÉireann.

Creidim go daingean gurb é an stór taithí a bhí ag na Connachtai­gh a thug an tús fuinniúil bríomhar tairfeach dóibh — ceithre cinn de chúilíní slachtmhar­a cos i dtaca i dtús an chluiche. Fiú tar éis do Phort Láirge dhá chúl a scóráil níor tháinig aon laghdú ar sprid ná cur chuige na Gaillimhe — taithí arís.

Do réir mar bhí an t-am ag sleamhnú chun deiridh is beag a bhí idir na foirne. Bhí tábhacht ag baint le gach uile ghníomh gafa seilbhe agus scórála ag an am agus arís ba ansin a tháinig ‘foghlaim’ na Gaillimhe i gcabhair orthu.

Tús and críoch bríomhar — níl íocshláint­e níos fearr ná é ar fáil agus is de bharr síorshaoth­ar ar thóir feabhais a thagann sé.

Comhghaird­eachas leis na curaidh nua agus cloisfear go luath ó Phort Láirge arís. Tá sé iontu an corn a thabhairt leo.

Is saibhre a stór gaoise anois tar éis ‘fhoghlaim’ na bliana seo.

n Nach raibh na mionúirí ar fheabhas — Gaillimh agus Corcaigh? Cluiche d’ardchaighd­eán, guala le guala ar fud na páirce. Molaim iad agus traoslaím leis na buaiteoirí — an Ghaillimh abú!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland