Irish Independent - Seachtain

Craic sa Phuball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach

-

D’éirigh thar barr leis an Phuball Gaeilge ag an Phicnic Leictreach — bhí na sluaite ag damhsa go maidin le ceol ó leithéidí Seo Linn, The Bonnymen, Polca4, Lauren Ní Chasaide, Nell Ní Chróinín (ar

dheis) agus neart eile.

Seo an deichiú bliain den Phuball agus bhí níos mó siamsaíoch­ta ann ná riamh.

D’eagraigh Raidió na Life oíche mhór cheoil sa Phuball Dé hAoine agus Dé Sathairn bhí ióga ar siúl le Jenny Ní Ruiséil taobh amuigh den Phuball don lá ar fad. Bhí Scrabble mór ar an talamh (ar dheis) agus bhí seastán ann leis na cluichí Gaeilge ar fad a chuireann Údar ar fáil. Bhí ‘Imbolc — Ted Talks na Gaeilge’ ar siúl inar labhair Eoghan Mac Cormaic, Ainle Ó Caireallái­n, Brian Flemming agus Anna Ní Bhroin. “Bíonn sé deacair lucht na féile a mhealladh isteach maidin Shathairn,” a deir Rossa Ó Snodaigh, eagraí an Phubaill Gaeilge, “ach bhí mé sásta leis an méid daoine a tháinig go dtí na cainteanna sin. Bhí siad an-spéisiúil.”

Bhí drámaíocht ar siúl ag Fíbín Teo taobh amuigh den Phuball le linn an lae.

Ghlac Gaelgáirí an-chuid fuirseoirí leo agus bhí siad ar an stáitse tráthnóna Dé Sathairn. Bhí Áine Gallagher, Martin Angolo agus Aindrias de Staic ina measc.

Bhí Rónán Mac Aodha Bhuí ar ais arís i mbliana leis an Chabaret Chraiceáil­te oíche Shathairn agus bhailigh an-chuid daoine isteach sa Phuball le héisteacht le scoth an cheoil. Bhí Doimnic Mac Giolla Bhríde, Polca4 agus Super Céilí ag seinm agus chuir siad ceolchoirm den scoth ar siúl.

Bhí an chéad chéilí riamh ar siúl sa Phuball le linn an lae ar an Domhnach.

Chuir Nós agus Tomaí Ó Conghaile an tsiamsaíoc­ht ar siúl oíche Dhomhnaigh le críoch spleodrach a chur leis an fhéile.

Bhí Bernie Pháid, Spats Columbo, Seo Linn agus Dysania ar an ardán agus chruthaigh siad ar fad atmaisféar iontach ar oíche dheireanac­h na féile.

“Bainim an-sult i gcónaí as an Phuball Gaeilge. Táimid an-sásta tacú leo,” a deir Tomaí.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland